Macadam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Truncáil de chlocha mionaithe ar bhóthar is ea macadam[1], nó modh chun bóthar a thógáil le cisil dhlúthaithe de chlocha beaga, a tháinig in úsáid timpeall 1815-1820. Toisí éagsúla ag na clocha, ionas go n-oiriúnaíonn siad le chéile go dlúth.

Cuireadh in ionad smúitbhóithre san Eoraip is Meiriceá é, agus rinne réabhlóid san iompar ar bhóithre.

Ar dtús bhíodh na clocha greamaithe le chéile le meascán de phúdar cloiche is uisce, ach anois is le bitiúman a ghreamaítear iad.

Cheap John Loudon McAdam, innealtóir as Albain, an modh nua.[2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: macadam" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2022-01-04.
  2. Hussey, Matt (2011). "Macadam". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 427.