Mórtheoiricí aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
CMS Higgs-event

Teoiricí tuairimeacha a dhéanann iarracht an fórsa núicléach láidir, an fórsa núicléach lag, an fórsa leictreamaighnéadach is an forsa imtharraingteach a aontú in aon teoiric amháin.

Beirt fisiceoirí ó na Stáit Aontaithe, Howard Georgi (1947-) is Sheldon Glashow (1932-), a rinne an iarracht is luaithe an chéad 3 cheann de na fórsaí bunúsacha seo a aontú, trí chrómaidinimic chandamach agus teoiric Glashow-Weinberg-Salam a chuingriú.

Réamhinis siad go bhfuil dhá cháithnín fhorthroma ann, X is Y, a mbeadh mais timpeall 1015 oiread mhais an phrótóin acu, go meathfadh prótóin go mall, agus go bhfuil a leithéid is aonphoil mhaighnéadacha throma ann.

Níor braitheadh ceachtar de na réamhinsintí seo ná ní bhfuarthas aon fhianaise thurgnamhach orthu fós. Tá an-deacracht fós imtharraingt a chur faoin imchlúdach teoiriciúil céanna, agus luaitear teoiricí ar a dtugtar sártheaghráin[1] i measc na mórtheoiricí aontaithe a bheidh ábalta an fhadhb seo a réiteach, meastar. Ach níl rath ar an obair seo fós.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “superstring” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-03.
  2. Hussey, Matt (2011). "Mórtheoiricí aontaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 470.