Jump to content

Mórán Gaelach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMórán Gaelach
Saxifraga rosacea Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdSaxifragales
FineSaxifragaceae
GéineasSaxifraga
SpeiceasSaxifraga rosacea Cuir in eagar ar Wikidata
Moench

Is planda luibheach é an Mórán Gaelach,[1]Saxifraga rosacea, as fine an Saxifragaceae.

Scaipeann sé amach trí úsáid a bhaint as a stoláin, a dhéanann cúisín dlúth de phéacáin dhuilleacha ghearra. D’fhéadfadh na gais bláthacha a bheith suas le 25cm ar airde, agus 4-5 de bhláthanna bána orthu agus peitil a bhíonn 6-10mm ar fad.

Tá sé le fáil in iarthar na hÉireann agus na Breataine agus san Íoslainn. Tá sé díofa i Sasana ón mbliain 1960. De ghnáth faightear é in aice le srutháin sléibhe, ach fásann sé freisin ar aillte agus ar fhánaí screatháin.

  1. “Saxifraga rosacea” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-05.