Móin Choinn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMóin Choinn

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°16′59″N 7°15′00″W / 52.283°N 7.25°W / 52.283; -7.25
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Chainnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde25 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie26117

Baile i gContae Chill Chainnigh in Éirinn is ea Móin Choinn[1] (Béarla: Mooncoin).

Móin Choinn is ainm den pharóiste thart timpeall an tsráidbhaile freisin. Tagann an t-ainm “Coinn” ó theaghlach darbh ainm Coinn De Granda, a raibh a lán talamh acu sa pharóiste sa seachtú céad déag. Trí eaglais atá sa pharóiste seo, Móin Choinn, Carraigín i ndeisceart an pharóiste, agus Coill an Easpaig in iarthuaisceart an pharóiste. Tá abhainn na Siúire mar theorainn theas ar an bparóiste. Sa cheantar seo cois na habhann, tá roinnt tithe le ceann tuí orthu. Baintear úsáid as na giolcacha a fhásann ar bhruach na habhann chun díon a chur ar na tithe seo. Maireann díon giolcaí níos faide na díon tuí.

Don chéad ochtó bliain de Chumann Lúthchleas Gael, bhí foireann iomána Móin Choinn mar cheann de na príomhfhoirne i gContae Chill Chainnigh. Is dócha gurb as seo a d'fhás an nós leis an amhrán The Rose of Mooncoin a chasadh roimh chluichí Chill Chainnigh. Fear áitiúil darbh ainm Watt Murphy a scríobh an t-amhrán, nuair a cuireadh an cailín a raibh sé cairdiúil léi, go Sasana mar ní raibh a clann sásta le Watt.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]