Méadhbh Nic Conaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMéadhbh Nic Conaill
Beathaisnéis
Breith4 Iúil 1884
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás24 Aibreán 1958
73 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Banríona, Béal Feirste Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmgníomhaí Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileDeasún Mac Gearailt Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteGearóid Mac Gearailt, Desmond FitzGerald Cuir in eagar ar Wikidata

Poblachtánach Éireannach, sufraigéid agus sóisialach ab ea Maedhbh Nic Conaill (bean Mhic Gearailt) (4 Iúil 1884 – 24 Aibreán 1958).[1] Ghlac sí páirt in Éirí Amach na Cásca in 1916 agus i gCogadh na Saoirse (in Éirinn). Ba mháthair Ghearóid Mhic Gearailt, an Taoiseach, í agus bhí sí pósta le Deasún Mac Gearailt.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Méadhbh Nic Connaill ar an 4 Iúil 1884 agus tugadh Mabel Washington McConnell uirthi mar ainm baiste. B'iníon í de shliocht John McConnell, díoltóir fuisce i mBéal Feirste, agus dá bhean céile, Margaret Neill. Ba ghariníon í d’fheirmeoir Preispitéireach ó cheantar gar den chathair. Fuair sí a cuid oideachais bunúsaigh in Victoria College i mBéal Feirste, agus lean sí ar aghaidh chun Baitsiléir Ealaíon a bhaint amach ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 1906. D’fhorbair sí a dearcadh ar cheisteanna poblachtánaigh, ar chearta na mban agus ar an bpolaitíocht shóisialaigh i dteannta a deirféar Eilis san am a chaith sí i gColáiste na Baníona. Bhí dúil láidir aici sa Ghaeilge. Bhí sí ina bhall den Women's Social and Political Union, de Shinn Féin agus de Chonradh na Gaeilge.[1].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]