Máirtín Pheaits Ó Cualáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáirtín Pheaits Ó Cualáin
Beathaisnéis
Breith22 Samhain 1922
An Teach Mór, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás23 Márta 2013
90 bliana d'aois
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
PáisteCaitlín Ní Chualáin Cuir in eagar ar Wikidata

Discogs: 7947902 Cuir in eagar ar Wikidata

Amhránaí sean-nóis as an Teach Mór, Indreabhán, Contae na Gaillimhe ab ea Máirtín Pheaits Ó Cualáin (1922–2013).[1] Chaith sé tréimhse i mBaile Átha Cliath sna 1940idí ag obair le Bord na Móna i bPáirc an Fhionnuisce, agus b'annamh a chaill sé an tOireachtas lena linn sin. D'fhill sé ar Chonamara i 1957, phós sé Máire Ní Choisdealbha, agus thóg siad ochtar clainne. Glacann a mac Mícheál Ó Cualáin agus a n-iníon Caitlín Ní Chualáin páirt i gcomórtais amhránaíochta sean-nóis;[2] thug Caitlín Corn Uí Riada léi in 2016.

Tá amhráin de chuid Máirtín Pheaits ar fáil ar an dlúthdhiosca Traditional Songs From Connemara a chuir Cló Iar-Chonnacht amach in 2002 nuair a bhí sé 80 bliain d'aois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9. 
  2. "Máirtín Pheaits Ó Cualáin — Taisce Chois Fharraige". Dáta rochtana: 2024-01-20.