Máire Ní Shúilleabháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Múinteoir agus gníomhaí Gaeilge ba ea Máire Ní Shúilleabháin. Rugadh í ar 2 Feabhra 1884 i Sráid na Cathrach i gContae an Chláir. Bhí sí ar na timirí Gaeilge a ceapadh faoin mBord Náisiúnta Oideachais sa bhliain 1907 agus gan aon bhean eile ina cuideachta. Bhain sí le gluaiseacht nua an náisiúnachais teanga a raibh Conradh na Gaeilge sáite inti, agus bhí fonn mór uirthi an Ghaeilge a chur á múineadh mar ábhar sna scoileanna.

Dúirt Daonáireamh 1901 gurbh í Úna Ní Mharanáin a máthair agus go raibh Seán Ó Súilleabháin, a hathair, ina shiopadóir. Bhí Gaeilge agus Béarla acu beirt, ach Béarla amháin a bhí ag beirt de na páistí ab óige (Alice agus John), agus ba í Máire amháin, an duine ba shine den chlann, a shaothraigh an Ghaeilge. Chuaigh Máire ar scoil i nGaillimh agus ansin i mBaile Átha Cliath. D’fhan sí ann lena huncail Michael agus a bhean chéile Alice; b’as Contae an Chláir do Michael agus é gan Ghaeilge, ar nós Alice. Bhí sí ar lóistín acu fós sa bhliain 1911; faoin am sin bhí BA aici.

Bhí cáil uirthi mar oibrí dícheallach. Dúradh fúithi gurb éard a bhí uaithi leanaí a chur ag labhairt na teanga agus nach labhródh sí ach Gaeilge leo mar mhodh teagaisc. Chaith sí ceithre bliana ag obair don Bhord sular theip ar a sláinte, agus thug sí Brisbane na hAstráile uirthi féin, áit ar lean sí uirthi ag múineadh Gaeilge do pháistí na n-imimirceach Éireannach.

Fuair sí bás ar 14 Iúil 1914 agus thug An Claidheamh Soluis agus an Clare Journal cuntas ar an scéal. Luadh an obair róchrua mar chúis a báis.

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]