Máirín Mhic Lochlainn

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMáirín Mhic Lochlainn
Beathaisnéis
Breith1947
76/77 bliana d'aois
Áit chónaitheIndreabhán
Ros an Mhíl
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir, scríbhneoir, scéalaí, ban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Scéalaí, scríbhneoir agus aisteoir í Máirín Mhic Lochlainn.

Tógadh Máirín Mhic Lochlainn i Ros a' Mhíl, i gceantar Chois Fharraige, agus fuair sí a cuid scéalta óna hathair, Beairtlín Shéamuis Rua Ó Maoileoin. Chaitheadh sí oícheanta fada an gheimhridh ag éisteacht leis agus é ag inseacht scéalta beaga agus scéalta móra a chuala sé féin cois teallaigh óna mháthair, Baba Tom Bheairtle as an gCaorán. Bhíodh scéalta aige faoin gceantar féin — Cén Chaoi a dTáinig Colmcille as Árainn go dtí an Bhántracht, Scéal Chonáin Maol agus Cailleach na Boirne, mar shampla — chomh maith le scéalta faoin Maighdean Mhara, faoin nGadaí Capaill, faoi Thriúr Iníon na Baintrí agus araile. Ach b'iad na Scéalta Fiannaíochta, nó na Scéalta Gaisce, ab fhearr le Máirín. Seo scéalta a leanadh ar aghaidh ar feadh seachtaine, faoi éacht éigin a rinne Mac Rí as Éirinn.

Tá roinnt gradam scéalaíochta buaite ag Máirín, ina measc Corn Neidí Frainc ag Féile an Oireachtais. Tá Máirín tiomanta chun ceird na scéalaíochta a fhorbairt agus tá ceardlanna scéalaíochta á stiúradh aici ar fud na hÉireann, na Breataine Bige agus na Danmhairge.

Ceapadh í mar Ealaíontóir Cónaithe Scéalaíochta in Ollscoil na Gaillimhe sa bhliain 2023. Chuir an tOllamh Louis de Paor, Stiúrthóir Ionad Léann na hÉireann fáilte mhór roimh an gceapachán: “Deis iontach is ea é seo dúinne chun ealaín na scéalaíochta béil a aithint agus cumas neamhchoitianta Mháirín sa réimse sin den gcultúr dúchais a cheiliúradh. Táimid ag súil go mór le bheith ag obair ina teannta as seo go ceann bliana.”

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]