Maol Dúin mac Aodha Beannáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMaol Dúin mac Aodha Beannáin
Beathaisnéis
Bás661 (Féilire Ghréagóra)
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Locha Léin Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCongal mac Maoil Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodh Beannáin Mac Criomhthainn

Rí Iarmhumhan de chlann Eoghanacht Locha Léin ba ea Maol Dúin mac Aodha Beannáin (Meán-Ghaeilge Máel Dúin mac Áedo Bennán) (bás 661[1]). Aodh Beannáin mac Criomhthainn (bás 618), iar-rí b'fhéidir na Mumhan, ba ea a athair.[2] Tugtar an teideal rí Iarmhumhan ar a uncail Áed Dammán ina thásc don bhliain 634. Más fíor, bheadh Maol Dúin i gcoróin ón mbliain 634–661.[3]

Bhí achrann idir a mhuintir agus a ghaoil, Eoghanacht Ghleanndamhnach, le linn a réimeas. Insítear bunús an scéil sa seandán Mór Mumhan agus Anbhás Cuanach mhic Ailchine. Dar leis an scéal, bhí Cathal mac Áedo Flaind Chathrach (bás 627) rí Mumhan, pósta le Ruithchern, iníon Aodha Beannáin. Maraíodh Lonán mac Finnigh ag Cuanu mac Ailchine (bás 644) d'Fhir Maige Féne, agus d'fhuadaigh sé Ruithchern. Ar a shlí chuig Iarmhumhain a bhíodar [nuair a maraíodh iad beirt] agus cuireadh an milleán ar Chathal faoin easpa cosanta a thabhairt dóibh.[4] Tharla cogadh ansin idir an dá chlann. Sa bhliain 644, troideadh Cath Cenn Con idir Maol Dúin agus Aonghas Liath, deartháir Chathail (bás 644), agus ár mór ar gach taobh. Cuireadh an ruaig ar Mhaol Dúin.[5][6][7]

Rinneadh rí Iarmhumhan fosta dá mhac, Congal mac Máele Dúin (bás 690).

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Dan P. McCarthy, Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, Coláiste na Tríonóide.
  • Wiley, Dan M., Mor Muman, Cycles of the Kings

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. all dates per The Chronology of the Irish Annals, Daniel P. McCarthy
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 15
  3. Annála Inis Faithlinn, AI 633.1
  4. Wiley, Dan M., Mor Muman Curtha i gcartlann 2008-11-20 ar an Wayback Machine, Cycles of the Kings
  5. Annála Uladh, AU 640.1, 643.3
  6. Annála Tiarnaigh, AT 642.1, 644.4
  7. Annála Inis Faithlinn, AI 645.1