Lyon
Lyon | |||||
---|---|---|---|---|---|
Lyon (fr) Lugdunum (la) | |||||
|
|||||
Ainmnithe in ómós | Lugdunum | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Fhrainc | ||||
Eintiteas críochach riaracháin de chuid na Fraince | An Fhrainc mheitreapholaiteach | ||||
Réigiún na Fraince | Auvergne-Rhône-Alpes | ||||
Territorial collectivity of France with special status (en) | Metropolis of Lyon (en) | ||||
Príomhchathair de | zone de défense et de sécurité Sud-Est (fr) departmental district of the Rhône (en) Rhône Arrondissement Lyon Metropolis of Lyon (en) (2015–) Rhône-Alpes (–2016) Auvergne-Rhône-Alpes (2016–) Gallia Lugdunensis (27 "RCh"–486) | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 522,250 (2021) | ||||
• Dlús | 10,909.76 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Suite san aonán críochach staitistiúil | aire d'attraction de Lyon (fr) unité urbaine de Lyon (fr) | ||||
Cuid de | Metropolis of Lyon (en) | ||||
Achar dromchla | 47.87 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Róin, Saône agus Tête d'Or Lake (en) | ||||
Airde | 173 m-160 m-312 m | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | Vaise, Saint-Rambert-l'Île-Barbe, La Guillotière, La Croix-Rousse agus Lugdunum | ||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
• Méara Lyon | Grégory Doucet (2020–) | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 69001, 69002, 69003, 69004, 69005, 69006, 69007, 69008 agus 69009 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | lyon.fr | ||||
Is cathair í Lyon i lár-oirthear na Fraince. Is í Lyon an tríú cathair is mó sa Fhrainc, tar éis Párais agus Marseille. Is cathair mhór gnó í Lyon, agus í suite idir Páras agus Marseille. Tá cáil ar an gcathair mar phríomhchathair ghastranómachais na Fraince agus bhí páirt mór ag Lyon i stair thionscal na scannán freisin. Tá an fhoireann sacair Olympique Lyonnais lonnaithe sa chathair.
Is í Lyon an dara ceantar ceannchathartha is mó sa Fhrainc nuair a cuirtear a bruachbhailte agus na cathracha timpeall uirthi san áireamh. Bhí daonra 1,783,400 sa cheantar ceannchathartha sa bhliain 2007.
Is lárionad mór tionsclaíoch í Lyon don tionscal peitriceimiceach, don tionscal cógaisíochta agus don tionscal biteicneolaíochta. Tá tionscal mór bogearraí sa chathair freisin, agus é dírithe go mór ar fhíschluichí.
Is préfecture (príomhchathair) an Rhône (département) í Lyon agus is príomhchathair réigiún Rhône-Alpes í freisin. Thug UNESCO aitheantas don chathair mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda.
Bhíodh cáil ag Lyon i gcónaí mar phríomhchathair thionscal an síoda agus is lárionad faisin í an chathair fós. Tá ceanncheathrú Interpol agus Euronews lonnaithe sa chathair freisin.