Jump to content

Lus deartán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLus deartán
Tanacetum parthenium Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo deTanaceti parthenii herba (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdAsterales
FineAsteraceae
TreibhAnthemideae
GéineasTanacetum
SpeiceasTanacetum parthenium Cuir in eagar ar Wikidata
Sch.Bip., 1844
Ainmníocht
BasainmMatricaria parthenium Cuir in eagar ar Wikidata

Planda ilbhliantúil cumhra a fhásann 60 cm ar airde is ea an lus deartán.[1] Is dócha gur dúchasach d'oirdheisceart na hEorpa is codanna den Áise é, ach tugadh isteach in an-chuid áiteanna eile é. Na duilleoga leathbhuí glas, le duilleoigíní liopacha nó fiaclacha. Na bláthchinn suas le 2 cm ar leithead, ar ghais fhada, i gcrobhaingí scaoilte barrleata. Na bláthóga seachtracha a bhíonn ag leathadh bán, iad siúd sa teasc inmheánach buí. Fástar mar mhaisiúchán é agus luibh leighis, a luaitear mar mhaolú ar mhéigrim, ach amháin go mbíonn fothorthaí tocsaineacha air freisin.[2]

  1. “Tanacetum parthenium” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
  2. Hussey, Matt (2011). "Lus deartán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 424.