Luigi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarLuigi
CineálMario franchise character (en) Aistrigh
duine ficseanúil
carachtar físchluiche
carachtar beochana Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthaithe agShigeru Miyamoto
Léirithe agDanny Wells (The Super Mario Bros. Super Show!)
John Leguizamo (Super Mario Bros.)
Aisteoir gutha
Béarla
Seapáinis
Comhthéacs
Rólcarachtar imeartha Cuir in eagar ar Wikidata
I saotharMario
CruinneSuper Mario universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
SpeiceasDuine
InscneFear
Slí bheathaPluiméir
Airde158 cm Cuir in eagar ar Wikidata
Meáchan62 kg Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtIodálach (cluichí)
Meiriceánach Iodálach (scannáin)
Muintir
MuintirMario (leathchúpla dearthár)
SiblíníMario Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Cuid deMario Bros. Cuir in eagar ar Wikidata
ComhionannMr. L Cuir in eagar ar Wikidata
DathGlas
Musicbrainz: 3fa420de-c442-4e5e-8ca4-b3bea0e94214 Cuir in eagar ar Wikidata

Is carachtar ficsin atá le feiceáil sna cluichí ríomhairí de chuid Nintendo é Luigi (Seapáinis: ルイージ). Chruthaigh an dearthóir cluichí ríomhairí Shigeru Miyamoto é mar leathchúpla dearthár agus cúntóir Mario. Tá clú agus cáil ar an gcuma cineálta ach cladhartha atá air. Feictear é i go leor cluichí sa tsraith cluichí Mario, agus is minic a bhíonn sé ag tacú lena dheartháir sna cluichí.

Chonacthas Luigi den chéad uair i 1983, sa chluiche ‘Mario Bros.’ ar an gconsól ‘Game and Watch,’ (trí mhí roimh an gcluiche ionaid siamsaíochta den ainm céanna). Sa chluiche seo, is é an carachtar a rialaíonn an dara himreoir, agus bíonn an ról céanna aige i mórchuid na gcluichí ina bhfeictear é, (‘Mario Bros.’, ‘Super Mario Bros.’, ‘Super Mario Bros. 3’, agus ‘Super Mario World’, mar shampla). Bhí sé ar fáil mar phríomhcharachtar den chéad uair i ‘Super Mario Bros. 2’, agus níos luaithe sa tsraith cluichí ‘New Super Mario Bros.’, (‘New Super Mario Bros. Wii,’ ‘New Super Mario Bros. U,’ agus ‘New Super Luigi U’ go sonrach). Le déanaí, bhí Luigi le feiceáil i macshraitheanna, na sraitheanna ‘Mario Party’ agus ‘Mario Kart,’ mar shampla, ach tá cluichí dá chuid féin aige sna cluichí ‘Luigi's Hammer Toss’, ‘Mario is Missing’, ‘Luigi's Mansion’, ‘Luigi's Mansion: Dark Moon’, ‘Dr. Luigi’, ‘New Super Luigi U’, ‘Luigi's Mansion Arcade’, agus ‘Luigi's Mansion 3’. I mórchuid na gcluichí seo, bíonn air éirigh isteach san laochas nuair atá Mario i mbaol. Bhí sé i ngach eipeasóid den chlár teilifíse ‘DiC’ chomh maith.

Lógó ‘Bliana Luigi’

Ar dtús, bhí Luigi ina malartú pailéid de Mario, gléasta in éadaí glasa in ionad éadaí dearga. Ó shin, áfach, tháinig stíl agus pearsantacht éagsúla ar an gcarachtar. Tá sé níos airde agus níos tanaí ná Mario, agus tá pearsantacht mheata agus chiotach aige in ionad pearsantacht cróga, muiníneach Mario. Ó mí Márta, 2013, go dtí mí Márta, 2014, rinne Nintendo ceiliúradh ar an gcarachtar le ‘Bliain Luigi,’ agus 30 bliain slánaithe aige. I rith 2013, cuireadh béim ar Luigi sna cluichí Mario. Bhí leagan ar leith de ‘Mario Bros.’ darbh ainm ‘Luigi Bros.’ san áireamh sa chluiche ‘Super Mario 3D World’ mar chuid den cheiliúradh seo.

Coincheap agus Cruthú[cuir in eagar | athraigh foinse]

‘Mario Bros.’ ar an ‘nGame and Watch’
Cluiche ionad siamsaíochta ‘Mario Bros.’

Roimh chruthú Luigi, bhí sé de rún ag Shigeru Miyamoto carachtar a chruthú agus é a athúsáid i go leor cluichí[1]. I 1982, chruthaigh sé an carachtar ‘Mario’ (ag an am, bhí an t-ainm ‘Jumpman’ air) don chluiche ‘Donkey Kong’ chun an aidhm sin a bhaint amach. Spreag an cluiche ‘Joust’ Miyamoto cluiche le beirt imreoirí comhuaineacha a dhéanamh, agus dá bharr sin, rugadh Luigi mar dheartháir Mario sna cluichí ‘Mario Bros.’ i 1983. Thug Nintendo Mheiriceá an t-ainm 'Luigi' dó, agus thug Miyamoto faoi deara go gciallaíonn an focal Seapáinise Ruīji “cosúil”,  ag míniú na cosúlachtaí gnéithe, cruthanna agus imeartha eatarthu[2].

I ‘Donkey Kong,’ bhí Mario ina shiúinéir, ach i rith forbairt ‘Mario Bros.’, de bharr molta comhghleacaí Miyamoto, d'éirigh Mario agus Luigi ina bpluiméirí[3]. Ag an am, is minic go raibh teorainneacha bogearraí ag baint le forbairtí cluichí, agus mar gheall air sin, níor ach malartú pailéid simplí é Luigi. I dtéarma grafaicí agus i dtéarma imeartha, bhí na carachtair díreach mar a chéile[4]; ach, tá an scéim datha glaise fós ceann dá cháilíochtaí is cáiliúla sna cluichí a bhí curtha amach ó shin.

Bhí ‘Mario Bros.’ an-rathúil, agus i ndiaidh sin, bhuail lucht imreora níos mó le Luigi i 1985 tar éis eisiúint an chluiche consóil ‘Super Mario Bros.’ Arís, ní ach malartú pailéid shimplí don dara himreoir a bhí ann. Sa leagan Seapánach de ‘Super Mario Bros. 2’ i 1986 (d’eisíodar níos déanaí i Meiriceá agus an Eoraip é faoin ainm ‘Super Mario Bros: The Lost Levels’), thosaigh athruithe agus éagsúlachtaí ag teacht ar charachtar Luigi. Ní raibh a chuid gluaiseachta díreach mar an gcéanna le Mario níos mó: bhí sé in ann léim níos airde ná Mario, ach ní raibh an méid céanna smacht ag an imreoir air: deirtear go raibh gluaiseacht ‘sleamhain’ aige[5].

Lógó ‘Super Mario Bros. 2’ (‘Super Mario USA’)

Toisc gur cheap Nintendo go raibh an leagan seo de ‘Super Mario Bros. 2’ ródheacair d'imreoirí Meiriceánacha ag an am[3], bhí ‘Super Mario Bros. 2’ éagsúil eisithe i 1988 dóibh (eisithe níos déanaí sa tSeapáin faoin ainm ‘Super Mario USA’). Tháinig an-fhorbairt ar a chuma sa chluiche seo[3]. Aistriú den chluiche ‘Yume Kōjō: Doki Doki Panic’ a bhí ann, le grafaicí nua chun na carachtair Mario a léiriú. San eisiúint seo, tháinig Luigi in áit an charachtair ‘Mama,’ a bhí an léim is airde aici as an chliar bunaidh, agus toisc go raibh sí níos airde agus níos tanaí ná na carachtair eile, bhíodh Luigi níos airde agus níos tanaí fosta, in éineacht lena chulaith ghlas aitheanta. Bhí uaireanta ina raibh Luigi níos airde ná Mario roimhe: an cluiche ‘Famicom Grand Prix II: 3D Hot Rally’ agus an scannán ‘Super Mario Bros.: The Great Mission to Rescue Princess Peach!’ (anime ab ea an scannán sin. Sa scannán, chaith Luigi léine bhuí, hata gorm agus rabhlaer gorm). San fheachtas bolscaireachta ar son ‘Super Mario Bros. 3’ agus ‘Super Mario World.’, bhí Luigi le feiceáil lena chuma úr, ach níorbh úsáideadh an chuma seo go dtí eisiúint ‘Super Mario Kart’ i 1992. Úsáideadh an cuma a bhí ar i ‘Super Mario USA’ ó shin, fiú in athleagan de sheanchluichí.

Léargas Aisteora[cuir in eagar | athraigh foinse]

Díreach cosúil lena chuma, chuaigh guth Luigi tríd go leor athruithe i rith na mblianta. I ‘Mario Kart 64,’ bhí guthú déanta ar go leor carachtair don chéad uair, agus bhí dhá ghutha ag cúpla carachtar, Luigi san áireamh: glór domhain san Eoraip agus i Meiriceá ó Charles Martinet, (rinne sé ghutha Mario agus Wario sa chluiche fosta), agus glór géar cuach sa leagan Seapánach, ón aistritheoir Fraincise ag Nintendo ag an am, Julien Bardakoff.

Charles Martinet, guth Luigi, ag caitheamh t-léine Luigi

Léan an guthú neamhsheasmhach seo ar aghaidh i rith ré an ‘Nintendo 64.’ Úsáideadh glór géar Bardakoff i ngach leagan de ‘Mario Party,’ agus ‘Mario Party 2.’ I ‘Mario Golf,’ ‘Mario Tennis,’ agus ‘Mario Party 3,’ bhí glór a fhad níos ísle aige. Ó shin, leis na heisceachtaí de ‘Mario Kart: Super Circuit’ agus ‘Super Smash Bros. Melee,’ tá glór meán ag Luigi, ó Charles Martinet. (I ‘Mario Kart: Super Circuit,’ úsáideadh an guth céanna ón leagan Seapánach de ‘Mario Kart 64,’ agus i ‘Super Smash Bros.’ agus ‘Super Smash Bros. Melee,’ bhí ardú déanta ar ghuth Mario ó ‘Super Mario 64,’ chun gutha Luigi a dhéanamh). I ngach cluiche sa tsraith ‘Super Smash Bros.’ ó shin, tá a ghuth féin aige. Rinne Charlie Day guthú ar Luigi sa scannán i 2023[6].

Tréithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

An suaitheantas ar hata Luigi
Tá suaitheantas cosúil leis an suaitheantas ar hata Luigi ar hata Mario

Go ginearálta, is é Luigi deartháir níos airde, níos óige Mario, gléasta i léine ghlas, rabhlaer gorm, agus hata glas le suaitheantas ‘L’ air. Is pluiméir é, cosúil lena dheartháir[7], ach tá pearsantacht iomlán éagsúil aige: is duine neirbhíseach, támáilte é, ach cineálta freisin, agus bíonn aoibh níos fearr aige i gcomparáid le Mario. Chonacthas leagan linbh den charachtar i ‘Super Mario World 2: Yoshi’s Island,’ ina bhfuil sé ina phríosúnaigh de chuid Kamek. Chonacthas é chomh maith i ‘Mario & Luigi: Partners in Time,’ mar phríomhcharachtar. Rinne Charles Martinet a ghuth dó, díreach cosúil lena leagan fásta. Glactar leis go bhfuil Luigi 24 bliana d’aois[8].

Deirtear gurb ea Daisy páirtí Luigi, ach níl an fhíric seo deimhnithe ag Nintendo. I ‘Mario Kart Wii,’ chonacthas dealbh dóibh ag rince le chéile. Bhí sí ina giolla dó (mar a raibh Peach do Mario) i ‘NES Open Tournament Golf[9].’ I ‘Super Smash Bros. Melee,’ tá dealbh dhí fosta. I gcur síos an dealbh, deirtear go bhfuil seans ann gurb ea freagra Luigi do Mario agus Peach.

Sloinne[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar dtús, ní raibh aon sloinne ag Luigi. Sa scannán 1993, úsáidtear an t-ainm ‘Luigi Mario.’ I mí Meán Fómhair, i rith féile chuimhneacháin ag ceiliúradh 30 bliain de ‘Super Mario Bros.’, dúirt Miyamoto go raibh ‘Mario Mario’ ainm iomlán Mario. Deimhníonn sé seo go bhfuil ‘Luigi Mario’ ainm iomlán Luigi[10][11].

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rusel DeMaria (2018-12-07). "High Score! Expanded". doi:10.1201/9780429429910. 
  2. "New Straits Times - Google News Archive Search". news.google.com. Dáta rochtana: 2023-05-04.
  3. 3.0 3.1 3.2 "IGN: IGN Presents The History of Super Mario Bros.". web.archive.org (2008-02-14). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-02-14. Dáta rochtana: 2023-05-05.
  4. "Nintendo's Shining Star: The History of Mario". www.gamecubicle.com. Dáta rochtana: 2023-05-05.
  5. "VC Update: Sin and Punishment, Mario: Lost Levels: News from 1UP.com". web.archive.org (2011-06-29). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-06-29. Dáta rochtana: 2023-05-05.
  6. J. Kim Murphy (2021-09-23). "Chris Pratt Will Voice Mario in the Super Mario Bros. Movie" (en). IGN. Dáta rochtana: 2023-05-08.
  7. "IGN: Luigi Biography". web.archive.org (2009-08-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-08-17. Dáta rochtana: 2023-05-08.
  8. Tom Mendelsohn (2016-09-30). "Mario is only 24 years old, according to creator Shigeru Miyamoto" (en-us). Ars Technica. Dáta rochtana: 2023-05-08.
  9. "IGN: Princess Daisy Biography". web.archive.org (2007-11-29). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-29. Dáta rochtana: 2023-05-08.
  10. "【衝撃事実】ついに任天堂公式のマリオの本名が判明! 任天堂の代表取締役・宮本茂氏が明かす | ガジェット通信 GetNews" (ja). ガジェット通信 GetNews (2015-09-14). Dáta rochtana: 2023-05-09.
  11. Brian (2015-09-14). "Miyamoto says Mario's full name is "Mario Mario"" (en). Nintendo Everything. Dáta rochtana: 2023-05-09.