Jump to content

Luasc-cheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Benny Goodman

Is éard atá i gceist leis an luasc-cheol[1] ná ceol damhsa banna mhóir, a tháinig ar an bhfód sna Stait Aontaithe sna 1930idí. Bíonn rithim tiomána ann is línte láidre uirlis aonair, le píosaí gan ullmhú cosúil le snagcheol uaireanta. (Roimh na na 1930idí, b'ionann luasc-cheol agus snagcheol).

Cosúil le ceol coitianta uile Mheiriceá, forbraíodh ag ceoltóirí gorma é, mar Fletcher Henderson (1897-1952) is Don Redman (1900-1964), ach bhain daoine geala sochar cumarsáideach as. Ba iad Benny Goodman, Duke Ellington, Count Basie agus Glenn Miller na treoraithe bannaí móra is mó cáil.[2]

  1. i mBéarla, swing music
  2. Hussey, Matt (2011). "Luasc-cheol". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 421.