Luasc-cheol

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Benny Goodman

Téarma ar an gcuid is mó den snagcheol coitianta ar dtús, ach ó na 1930idí ar aghaidh, ceol damhsa banna mhóir le rithim tiomána is línte láidre uirlis aonair, le píosaí gan ullmhú cosúil le snagcheol uaireanta.

Cosúil le ceol coitianta uile Mheiriceá, forbraíodh ag ceoltóirí gorma é, mar Fletcher Henderson (1897-1952) is Don Redman (1900-1964), ach bhain daoine geala sochar cumarsáideach as. Ba iad Benny Goodman, Duke Ellington, Count Basie agus Glenn Miller na treoraithe bannaí móra is mó cáil.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luasc-cheol". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 421.