Luas éalaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An t-íosluas teilgin is gá a bheith ag diúracán nó roicéad (gan fuinneamh tiomána ann féin) ar dhromchla an Domhain (nó rinn spéire eile) chun gur féidir leis éalú ón domhantarraingt agus amach sa spás. Is gá luas teilgin os cionn 11 km s-1 ag roicéad chun go n-éalóidh sé go hiomlán ón Domhan. Is ollmhór an luas é seo i gcomparáid le luas forleata na fuaime (timpeall 0.34 km s-1, a dtugtar machuimhir 1Ma 1 air. Mar sin tá an luas éalaithe ar Domhan timpeall Ma 30. Go ginearálta, braitheann an luas éalaithe ar mhais agus trastomhas an phláinéid atá i gceist, de bhrí go mbraitheann sé ar an bhfórsa domhantarraingthe gar do dhromchla an phláinéid. Mar shampla, ní bheadh ach luas éalaithe timpeall Ma 4 de dhíth ar an nGealach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Luas éalaithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 420.