Jump to content

Long fhada Lochlannach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí SoitheachLong fhada Lochlannach
Saintréithe teicniúla
Cineállong Cuir in eagar ar Wikidata

Long chogaidh ba ea an long fhada Lochlannach. Tá fianaise sheandálaíoch ar fáil ón 4ú haois RCh.[1] Tá cosúlacht éigin, i gcúrsaí longthógála, idir an long fhada agus soithigh eile in iarthuaisceart na hEorpa, ar nós longa Sasanacha, agus mar sin a bhí an scéal ar feadh na gcéadta bliain. Tháinig athrú ar an long fhada le himeacht aimsire, agus cuireadh bailchríoch uirthi idir an 9ú agus an 13ú haois.

Bhí an long fhada caol agus éadrom, agus bhí tarraingt éadomhain aici, rud a lig don fhoireann campáil ar thrá, an long a iompú droim ar ais mar fhothain nó í a iompar thar tír. Bhí an tosach agus an deireadh comhchruthach, rud a lig di cúlú gan casadh, agus ba mhór an áis é sin sa tuaisceart, mar a raibh baol ag roinnt leis an oighear. Bhí rámha roinnte feadh na loinge, agus i gceann tamaill cuireadh crann inti le coirneog.[2] Bhí siúl difriúil faoi longa difriúla, ach i gcoitinne bhí siúl idir cúig agus deich gcnota (idir 9 agus 18 gciliméadar san uair) fúthu, agus nuair ab fhearr an aimsir bheadh luas timpeall 15 chnota (28 gciliméadar san uair) fúthu.[3]

Bhí éagsúlacht ag baint le longa fada de réir na háite, lucht a ndéanta agus an adhmaid a bhí ar fáil: adhmad giúise san Iorua agus sa tSualainn agus adhmad dara sa Danmhairg. Chomh maith leis sin, bhí airíonna dá cuid féin ag gach long de réir na timpeallachta áitiúla.[4]

Ba mhinic a bhí siad i bpáirt ag feirmeoirí cósta nó a chuirfeadh rí á dtógáil sa 10ú haois le linn cogaidh. Ba mhó an fheidhm a baineadh astu mar longa trúpaí ná mar longa cogaidh. Sa 10ú haois d’fhéadfaí longa a cheangal le chéile i gcath amach ón gcósta mar ardán ag slua coise. Le linn bhuaic na Lochlannach sa 9ú haois rinne cabhlaigh mhóra an impireacht Fhrancach a ionsaí suas aibhneacha móra amhail an tSéin. Creachadh Rouen in 841, bliain i ndiaidh bhás Louis Chráifigh, mac le Séarlais Mhóir. Ionsaíodh Quentovic in aice le Étaples in 842 agus d’ionsaigh 600 long Hamburg in 845. An bhliain chéanna rinne 129 long ionsaí suas an tSéin.[5] Deir Annála Uladh gur loisc na Lochlannaigh Inis Pádraig, lastuaidh de Bhaile Átha Cliath, in 798 agus go ndearna siad ruathar mór ar Éirinn agus ar Albain. Bhí 60 long ar an Life in 837 agus 60 long eile ar an mBóinn agus rinne na loingis slad ann sular buaileadh iad.[6][7]

Cineálacha long

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Roinntear longa fada de réir méide, modhanna tógála agus gradaim. Is é an bealach is coitianta chun iad a rangú de réir an méid áiteanna iomartha.

An long fhada is lú. De réir Dhlí Gulating an 10ú haois, ní fhéadtar long a úsáid le haghaidh cogaidh mura bhfuil 13 bhinse iomartha aici; thugtaí karvi ar shoitheach a raibh ó 6 go dtí 13 bhinse aici.[8] Soitheach ilfhóinteach ba ea an karvi agus í á húsáid le haghaidh iascaireachta agus trádála, agus uaireanta le haghaidh cogaidh.

Macasamhail lánscála de snekkja in Morąg sa Pholainn

Ba í an snekkja an long ba lú toirt i gcogadh agus í rangaithe mar long a raibh 20 binse iomartha aici ar a laghad. Bheadh a leithéid timpeall 17 méadar ar fad agus 2.5 méadar ar leithead, agus bheadh tarraingt 0.5 méadar aici. Is dócha go n-iompródh sí timpeall daichead rámhaí agus fear stiúrach. Bhí an snekkja ar na longa ba choitianta. Deirtí go raibh 1,200 ceann ag an rí Canute san Iorua in 2028.[9] Ba mhó an tarraingt a bhí ag an snekkja Ioruach ná mar a bhí ag a leithéid sa Danmhairg, mar b’éigean don chéad long a bheith in ann ag caolsáilí domhaine agus ag aimsir Atlantach, agus bhí an dara long oiriúnach do chóstaí ísle agus do thránna.

Ba mhó an toirt a bhí sa skeið agus níos mó ná 30 binse iomartha aici. Tá longa den chineál seo ar na longa fada is toirtiúla dá raibh ann. Tháinig seandálaithe ar roinnt long den saghas seo in Roskilde sa Danmhairg nuair a bhí obair á déanamh ar an gcaladh in 1962 agus in 1996-7. Tugadh Skuldelev 2 ar an log a fuarthas in 1962, long a rinneadh d’adhmad dara i ndúiche Bhaile Átha Cliath c. 1042. D’fhéad sí 70 nó 80 duine a iompar agus bhí sí beagnach 30 méadar ar fad. In 1996-7 fuair seandálaithe long eile, long ar tugadh Roskilde 6 uirthi: bhí sí 37 méadar ar fad – an loch fhada ab fhaide dá bhfuarthas riamh. Rinneadh í c. 1025.[10]

Tá eolas ar an drakkardreki (dragan)[11] 'dragon', are the type of ship, of thirty rowing benches and upwards[12] ó théacsanna amháin. In Göngu-Hrólfs saga deirtear go raibh na longa seo neamhchoitianta, go hálainn agus sármhaisithe, agus feidhm á baint astu acu siúd a bhí ag creachadóireacht. Is dócha gur skeið long dá leithéid ach snoiteáin d’ainmhithe bagarthacha, dragain nó eile, a bheith ar a tosach.[13]


Na modhanna longthógála atá le feiceáil i ndéanamh na loinge fada tá siad le feiceáil i bhfad roimhe sin i ndéanamh bhád Hjortspring, soitheach a tógadh idir 500 agus 300 RCh.[14] Ceanglaíodh na cláir le cordaí agus baineadh feidhm as céaslaí seachas as rámha. Bhí sí 20 méadar ar fad ach ní raibh sí ach sé mhéadar ar leithead. Bhí trasghearradh cruinn aici, in éineacht le tosach agus deireadh íseal. Is dócha gur ar abhainn a d’imíodh sí den chuid is mó. Is cuid suntais iad an dá bheangán scoite ar an tosach.

Stora Hammars sa tSualainn, leacht a thaispeánann laochra i long fhada

Is í bád Nydam an chéad fhíorlong fhada iomartha a fuarthas agus í déanta sa Danmhairg c. 350 RCh. Bhí cabhail chruinn aici faoi uisce ach ba mhó an caitheamh amach aici sa chabhail uachtarach ná mar a bhí ag bád Hjortsprung. Ba bhád clinse í agus na cláir ceangailte le tairní. Bhí airde éigin sa tosach agus sa deireadh. Clár leacaithe ba ea an chíle agus é dhá oiread chomh tiubh le gnáthstráca, cé nach mbeadh sé láidir a dhóthain chun crann a iompar.

Bhí seolta á n-úsáid chomh luath leis an 8ú haois. Bhí na seolta ba luaithe déanta de leabhbanna éadaigh, iad fuaite le chéile agus cuma bhreac nó phléatach orthu.[15]

Tógadh long Kvalsund c. 700 AD agus fíorchíl fúithi. Bhí sí níos cothroime thíos agus ní raibh an oiread sin caitheamh amach thuas, rud a fhágann go mbeadh acmhainn mhaith farraige aici, agus bhí tosach ard aici mar a bheadh ag na longa fada a bhí le teacht. Bhí trasghearradh cearnach ag an gcrann agus bhíothas in ann é a ísliú agus a ardú.

Keel, stems and hull

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Líníocht de long fhada, an Sebbe, snekke athchruthaithe ón Danmhairg.
An Imme Gram, long athchruthaithe.

Tógadh na longa fada le tomhas na súl. Rinneadh an chíl agus na stuiminí ar dtús. Bhí cruth na stuimine bunaithe ar theascáin de chiorcail de thomhais dhifriúla. Bhí an chíle déanta de T agus é bunoscionn le haghaidh na strácaí íochtair. Bhí an chíle déanta de roinnt codanna agus iad ceangailte le duail. Soithí clinse ba ea formhór mór na long fada, agus baineadh feidhm as cláir dhara a bhí tuairim is 25 mm ar tiús agus agus caolú tuairim is 20 mm ar gach ciumhais. Gearradh na cláir go gathach i dtreo go raibh an snáithe dronuilleach le dromchla an chláir. Dá bhrí sin tá an t-adhmad chomh tréan agus is féidir, le lúbadh cothrom agus le ráta cothrom borrtha agus craptha. An clár os cionn chasadh an ruma, an meginhufr, bhí sé timpeall 37 mm ar tiús ar longa a bhí an-fhada. Cuireadh timpeall 25 – 30 mm d’fhorluí ar na cláir agus ceanglaíodh le seamanna iarainn iad. Pulcadh an forluí le fionnadh nó le holann nó, uaireanta, le cnáib a bhí ar maos i dtarra giúise. Bhí achar timpeall 170 mm idir na seamanna i lár na loinge, mar a raibh cláir dhíreacha, ach bhí na seamanna níos gaire dá chéile agus na cláir ag éirí aníos i dtreo chuar an tosaigh agus an deiridh. Ba mhór an lúbadh a bhí sna cláir dheiridh, toisc iad a bheith níos tanaí agus níos caoile.

I longa galánta rinneadh na cláir thosaigh as adhmad a raibh cuair nádúrtha aige. Baineadh feidhm as cláir fhliucha nó neamhstálaithe, rud a lig don togálaí cruth áirithe a chur orthu: nuair a thriomaigh siad, choinneoidís an cruth sin. I longa níos simplí baineadh úsáid as cláir ghearra agus iad beagnach díreach sa tosach agus sa deireadh. Mura raibh cláir fhada ar fáil nó an long a bheith an-fhada, cuireadh na cláir le chéile tóin le ceann, nó úsáideadh scarbhailt agus iad daingnithe le tairní.

Nuair a bhí na cláir chomh hard agus ba chuí, cuireadh na meáneasnaí agus na bíomaí trasna isteach. Cuireadh na meáneasnaí gar dá chéile agus timpeall 850 mm d’achar eatarthu. D’fhág sin an t-achar ceart idir na rámhaithe agus slí ann le haghaidh na gcófraí a d’úsáid na mairnéalaigh mar thochtaí. Rinneadh na meáneasnaí cois cíle as uillinneacha nádúrtha adhmaid. Is iondúil nach gceanglófaí na meáneasnaí uachtaracha de na meáneasnaí íochtaracha, rud a ligfeadh don chabhail lúbadh beagán. Coinníodh na páirteanna le chéile le seamanna iarainn a buaileadh isteach ón taobh amuigh den chabhail agus a ceanglaíodh istigh le leicneáin: ghearrfaí ceann an tseama. Bhainfí feidhm as tuairim is 700 cileagram de thairní iarainn. Ina lán long luath ceanglaíodh cláir mhóra le duail; rinneadh poll a bhí timpeall 20 mm trasna, cuireadh an dual isteach agus é scoilte, agus sádh ding chaol isteach sa scoilt. Fuarthas lorg na hola rois ar roinnt dual, rud a thabharfadh le fios gur cuireadh na duail ar maos san ola roimh ré. Dhéanfadh an ola an dual a ghreamú agus bheadh díon éigin ar an uisce inti.

Ba chaol agus ba dhomhain cíle na loinge fada. Uaireanta bhí fáschíle ann chun an chíle féin a chosaint ar chaitheamh agus an long á tarraingt aníos. Bhí an earrainne an-láidir, mar bheadh oighear roimh an long san earrach.

Bhí leithead maith ag an long fhada, rud a choiscfeadh uirthi iompú. Bhí béalbhaigh arda ar longa a théadh amach ar an bhfarraige agus glúine ar na bíomaí trasna mar thaca. Rinneadh an chabhail uiscedhíonach le fionnadh, olann, cnáib nó caonach a bhí ar maos i dtarra giúise. Tá fianaise ann ar úsáid an tarra chomh luath le 100 AD, agus cuireadh dáta idir 680 AD agus 900 AD le poill mhóra tharra a d’fhéadfadh 300 lítear de tharra a sholáthar d’aon iarraidh.[16] Rinneadh poll a bhí timpeall 25 mm trasna sa stráca íochtair ar thaobh amháin chun uisce fearthainne a ligean amach.

Ní raibh leapacha iomartha ná cnogaí dola ag na rámha ach poill faoin ngunail. Chuirtí dioscaí adhmaid ar na poill ar an taobh istigh agus na rámha díomhaoin. Baineadh feidhm as na poill chun feistiú agus le haghaidh scód. D’éirigh an mheáneasna uachtarach thosaigh os cionn na líne lagbhoird agus í snoite le haghaidh téada ancaire nó feistithe.

Seol agus crann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is léir ó scéalta agus ó íomhánna go raibh seolta cearnacha ag na longa fada agus iad déanta de “wadmal” – éadach garbh olla. Bhí an crann gafa ag ceap mór leathchiorclach treo a raibh kerling (“cailleach”) air, agus is iondúil a chaolódh an crann isteach in alt sa chílsean. Bhí an ceap treo suite trasna dhá fhráma mhóra a bhí ag síneadh ó thaobh go taobh os cionn na cíle i lár na loinge. Chomh maith leis sin, bhí teanntán os cionn an chip threo agus díreach faoi bhun na deice a bhí ina thaca ag an gcrann. Balc ba ea é a raibh sliotán ann agus a haghaidh siar chun sa crann a ghlacadh fad is a bhí sé á ardú. Nuair a íslíodh an crann coinníodh a bhun sa cheap treo agus leagadh barr an chrainn ar chrúca adhmaid ar bhord na sceathraí i dtreo nach gcuirfeadh sé isteach ar an stiúir.

Faoin 10ú haois bhí an rámh taoibh á úsáid mar stiúir. Bhí dhá pholl chearnacha i mbarr na sáfaí stiúrach; de ghnáth, cuireadh an stiúir sa pholl uachtarach i dtreo go raibh a haghaidh trasna. Bhí an tsáfach nasctha leis an ngunail le halt U-chruthach. In aice leis an deireadh bhí frídeoir: chuaigh téad trí lár bhos na stiúrach, tríd an bhfrídeoir agus tríd an bhéalbhach agus feistíodh í istigh. In uisce éadomhain aistríodh an stiúir go dtí an poll íochtarach, scaoileadh an téad agus tarraingíodh barr na stiúrach aníos.

Bhí dhá chineál ancaire ann. Cuing nádúrtha adhmaid ba ea an ceann ba choitianta agus cloch neadaithe inti; socraíodh an chloch le píosa adhmaid nó le píosa cuar iarainn.[17]

Uirlisí an longthógálaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair seandálaithe a lán uirlisí in York (cathair Lochlannach) a bhain leis an ré 850-950, buaic na linne Lochlannaí. Bhain logthógálaithe úsáid as an tá, an tua, an máilléad agus dingeacha, in éineacht le inneonacha, líomháin, deimheas, meanaí, tarathair, gúistí, sceana tarraingthe, sceana eile (amhail sceana fillte), siséil agus boghshábha. Fuarthas béalmhír casdruilire agus í ar fheabhas chun poill a dhéanamh i dual.

  1. Jan, Bill (2003). "Scandinavian Warships and Naval Power in the Thirteenth and Fourteenth Centuries". War at Sea in the Middle Ages and the Renaissance 14: 35–52. JSTOR 10.7722/j.ctt81rtx.9. 
  2. Byron Heath (2005). "Discovering the Great South Land": 26–. Rosenberg Publishing.  Curtha i gcartlann 2023-04-17 ar an Wayback Machine
  3. "The Viking Ship Museum, The five Skuldelev ships". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-18. Dáta rochtana: 2021-12-02.
  4. "The Viking Ship" (as en) (1997). Journal of Coastal Research 13 (4): 1282–1289. JSTOR 4298737. 
  5. Magnusson, Magnus (2003). The Vikings. Tempus, lch 71. ISBN: 0752426990; 13: 9780752426990
  6. 798: Combustio Inse Patraicc o genntibh, & borime na crich do breith & scrin Do Chonna do briseadh doaibh & innreda mara doaib cene eiter Erinn & Albain. 837.3: Longas tre-fhichet long di Norddmannaibh for Boinn; longas .ii. tre-fhichet long for abaind Liphi. Ro slatsat iarum in di longais-sin Magh Liphi & Magh m-Bregh eter cealla & dune & treba. Roiniudh re feraib Bregh for Gallaibh ec Deoninni i Mughdornaibh Bregh conid-torchradar se fichit diibh. 837.4: Bellum re genntibh oc Inbiur na m-Barc for h-U Neill o Shinaind co muir dú i r-roladh ar nad-ráirmedh, acht primi reges euasserunt. Annála Uladh: https://celt.ucc.ie/published/G100001A/index.html.
  7. Roger Atwood, “The Vikings in Ireland,” March/April 2015, Archeology: https://www.archaeology.org/issues/168-1503/features/2969-ireland-dublin-early-viking-prescence#art_page4
  8. Comhthionól bliantúil san Iorua ba ea an Gulaþing agus é ar bun ó c. 900 go dtí 1300. Tá cuid mhaith dá chuid reachtaíochta le fáil in Codex Ranzovianus, lámhscríbhinn a breacadh c. 1250.
  9. Rasmus Nyerup (1803). "Historisk-statistisk Skildring af Tilstanden i Danmark og Norge, i ældre og nyere tider": 71–. Soldin. 
  10. Jørgen Jensen (2001). "Danmarks oldtid: Yngre Jernalder og Vikingetid 400–1050 e. Kr". Gyldendal. 
  11. "Ships and Men in the Late Viking Age: The Vocabulary of Runic Inscriptions and Skaldic Verse" (as en) (2001). Ships and Men in the Late Viking Age: 119–179. JSTOR 10.7722/j.ctt163tb4f.9. 
  12. RODGER, N. A. M. (1995). "Cnut's Geld and the Size of Danish Ships". The English Historical Review CX (436): 392–403. doi:10.1093/ehr/cx.436.392. ISSN 0013-8266. 
  13. E. Magnússon (1906). "Notes on shipbuilding & nautical terms of old in the North". Magnússon. 
  14. Pauline Asingh (2009). "Grauballemanden": 195–. Gyldendal A/S. 
  15. Op. cit. Magnusson 2003, lch 90
  16. "The secret of Viking success? A good coat of tar…" (en-GB). The Observer.
  17. "Ladby".[nasc briste go buan]
  • Bill, Jan (1997). "Ships and seamanship", in Sawyer, P. (ed.), Oxford Illustrated History of the Vikings", Oxford: Oxford University Press.
  • Bill, Jan (2008). "Viking Ships and the Sea", in Brink, S. and Price, N. (eds), The Viking World, Routledge, 2008, pp. 170–80.
  • Hegedüs, R., Åkesson, S., Wehner, R., & Horváth, G. (2007). Could Vikings Have Navigated under Foggy and Cloudy Conditions by Skylight Polarization? On the Atmospheric Optical Prerequisites of Polarimetric Viking Navigation under Foggy and Cloudy Skies. Proceedings: Mathematical, Physical and Engineering Sciences, 463(2080), 1081-1095.ISBN 978-0-415-69262-5.
  • Brøgger, A.W. and Shetelig, H. (1951). The Vikings Ships. Their Ancestry and Evolution, Oslo: Dreyer, 1951.
  • Bruun, Per (1997). "The Viking Ship," Journal of Coastal Research, 4 (1997): 1282–89. JSTOR
  • Durham, Keith (2002). Viking Longship, [New Vanguard 47], Osprey Publishing, 2002. ISBN 978-1-84176-349-1
  • W. Fitzhugh and E. Ward, Vikings: The North Atlantic Saga. Washington: Smithsonian Institution Press. 2000.
  • Anton Wilhelm Brøgger (archeologist) (A. W. Brøgger) (1951). The Viking ships, their ancestry and evolution, Oslo: Dreyer. 1951.
  • Hale, J.R. (1998)."'The Viking Longship", Scientific American February 1998, pp. 58–66.
  • K. McCone, 'Zisalpinisch-gallisch uenia und lokan' in Festschrift Untermann, ed Heidermans et al., Innsbruck, 1993.1.
  • L. Trent (1999). The Viking Longship, San Diego: Lucent Books, 1999.
  • A. Forte, R. Oram, and F. Pederson. Viking Empires. 1st. ed. Cambridge: Cambridge University Press, 2005 ISBN 0-521-82992-5.
  • D. Dersin, ed., What Life Was Like When Longships Sailed. 1st ed. Richmond: Time Life Books, 1998.
  • A. W. Brøgger and H. Shetelig, The Viking Ships. Twayne Publishers, New York, 1971, and C. Hurst, London, 1971.
  • Chartrand, Rene, Mark Harrison, Ian Heath, and Keith Durham. The Vikings: voyagers of discovery and plunder. Osprey Publishing, 2006. 142–90.
  • Jesch, J. (2001). "Ships and Sailing." In Ships and Men in the Late Viking Age: The Vocabulary of Runic Inscriptions and Skaldic Verse (pp. 119–179).
  • N. A. M. Rodger. (1995). "Cnut's Geld and the Size of Danish Ships". The English Historical Review, 110 (436), 392–403.
  • Per Bruun. (1997). "The Viking Ship". Journal of Coastal Research, 13(4), 1282–1289.
  • Horváth, G., Barta, A., Pomozi, I., Suhai, B., Hegedüs, R., Åkesson, S., Wehner, R. (2011). "On the trail of Vikings with polarized skylight: Experimental study of the atmospheric optical prerequisites allowing polarimetric navigation by Viking seafarers". Philosophical Transactions: Biological Sciences, 366 (1565), 772–782.
  • Bill, J. (2003). "Scandinavian Warships and Naval Power in the Thirteenth and Fourteenth Centuries". In Hattendorf J. & Unger R. (Eds.), War at Sea in the Middle Ages and the Renaissance (pp. 35–52). Boydell and Brewer.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]