Bád Hjortspring

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Iarsmaí athchruthaithe bhád Hjortspring i Músaem Náisiúnta na Danmhairge.
Íomhá le tomhais chearta bhád Hjortspring.
Images of petroglyphs
Peitriglifí de bháid ón gCré-umhaois i gCríoch Lochlann.

Bád mór is ea bád Hjortspring (Danmhairgis: Hjortspringbåden) ón Iarannaois Lochlannach. Rinneadh í timpeall 400-3000 RCh. Nochtadh an chabhail agus iarsmaí eile in 1921-22 i bportach Hjortspring Mose ar oileán Als in Sønderjylland i ndeisceart na Danmhairge.[1] Bád clinse adhmaid í atá breis is 19 méadar ar fad, 13 méadar ar fad istigh agus dhá mhéadar ar leithead. Tá deich dtochta inti agus slí ar gach ceann acu do bheirt, rud a fhágann go mbeadh criú de fiche duine ar a laghad ann agus iad ag úsáid céaslaí.[2] Bheadh meáchan 530 cileagram sa bhád agus b’fhurasta don chriú í a iompar dá bharr.

Bhí 131 sciath den chineál Ceilteach ann, 33 cabhradh snasta scéithe, 138 rinn iarainn sleá, 31 rinn chnáimhe nó bhinne, 11 claíomh iarainn leathfhaobhair agus iarsmaí de roinnt cótaí máilleacha. Tá an ceann is mó de na reanna 45 ceintiméadar ar fad. Camadh dhá chlaíomh as a gcruth d’aonghnó, nós a bhain le gnásanna na haimsire. Bhí babhlaí ann chomh maith, in éineacht le boscaí, uirlisí gabha agus gnáthearraí eile.

Síltear gur fágadh an t-árthach sa phortach mar ofráil mhoideach.[3] Tá léiriú air sin i gcapall ar sracadh a chonablach ó chéile agus a fágadh thíos faoin mbád i dteannta uain, gamhna agus dhá mhadra. Is iomaí uaigh sa Danmhairg a bhaineann leis an aimsir sin agus idir ainmhithe agus daoine iontu a ofráladh mar íobairt.[4][5][6][7] Tá cosúlacht mhór ag an mbád leis na mílte peitriglif de longa de chuid na Cré-umhaoise atá le feiceáil ar fud Chríoch Lochlann.[2]

Rinneadh an bád de strácaí teile agus iad fuáilte le chéile le cordaí coirte teile, préimhe giúise nó leathair. Baineadh úsáid as pic chun na siúntaí a chácáil agus a chlúdach. Tá sail fhada thíos fúithi mar chíle agus stráca eile ar gach taobh chun cabhail a dhéanamh. Lig sé sin don bhád suí go hard san uisce agus uisce éadomhain a thrasnú, fiú dá mbeadh foireann iomlán inti. Baineadh feidhm as maidí folaithe mar stuimine agus mar phost deiridh agus iad ag síneadh amach ón gcabhail, i dteannta na saile thíos, mar na “goib” atá dílis do bháid dá leithéid. Tá na goib uachtair agus íochtair ceangailte le teanntóga dara atá daingnithe ag pionnaí adhmaid agus ag roisín agus a snaidhmeann dhá cheann an bháid. Tá na heasnacha déanta de shlata tanaí coill agus iad ceangailte ar chléataí sna strácaí. Snoíodh na cléataí sin as na strácaí féin. D'adhmad fuinseoige atá na tochtaí agus na heasnacha is tibhe déanta.

Tá an tsaoirseacht chomh snasta sin gur léir go bhfuil na modhanna tógála i bhfad níos sine ná bád Hjortspring féin.[8]

Bhí árthaigh dá leithéid á dtógáil anuas go dtí an tríú haois CR ar a laghad. Éiríonn seamanna miotail níos coitianta i bhfionachtana níos déanaí agus déantar ball cuar amháin den stuimine, é déanta de phíosa amháin adhmaid nó de roinnt phíosaí ceangailte le chéile. Tá cuid mhór de mhodhanna tógála bhád Hjortspring le fáil fós sa ré Uigingeach. Tá an leanúnachas seo in iarsmaí ó Halsnøy (200 CR/Comh-Ré), Nydam (300-400 CR), Sutton Hoo (600-700 CR), and Kvalsund (690 CR).[9]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Danmarks oldtid" (1965). 
  2. 2.0 2.1 Pauline Asingh (2009). "Grauballemanden": 195–. Gyldendal A/S. 
  3. Thomas Dickson (2009). "Dansk design": 31–. Gyldendal A/S. 
  4. "The Bog People: Iron-Age Man Preserved" (1969): 185, 186. Faber and Faber Ltd.. 
  5. "Da våbnene tav: Hjortspringfundet og dets baggrund" (1988). Copenhagen, Denmark: Danish National Museum. 
  6. "Into the Iron Age: A Discourse on War and Society" (1999): 191-202. Stroud, U.K: Sutton. 
  7. "Hjortspring: Warfare and Sacrifice in Early Europe" (1996). Århus, Denmark: Århus University Press. 
  8. "Boats of the North: A History of Boatbuilding in Norway" (as English) (1968): 18, 19, 20. Oslo, Norway: Det Norske Samlaget. 
  9. "The Viking Ships: Their Ancestry and Evolution" (1951): 48-60. Oslo, Norway: Dreyers Forlag. 

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Ole Crumlin-Pedersen & Athena Trakadas (eag.), Hjortspring: A Pre-Roman Iron-Age Warship in Context, [Ships and Boats of the North Volume 5], Roskilde: Viking Ship Museum 2003; 293pp; CD-ROM; ISBN 8785180521
  • Brøgger, A. W.; Shetelig, Haakon, The Viking Ships: Their Ancestry and Evolution, aistrithe ag Katherine John, Oslo: Dreyers Forlag 1951

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gluais de théarmaí seoltóireachta

Saoirseacht thraidisiúnta loinge

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]