Jump to content

Lochanna Chonamara (amhrán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilLochanna Chonamara
Teideal bunaidhLes Lacs du Connemara
Foirm cheoilamhrán Cuir in eagar ar Wikidata
CumadóirJacques Revaux (en) Aistrigh
LiriceoirMichel Sardou (en) Aistrigh agus Pierre Delanoë
Teanga an tsaothair nó an ainman Fhraincis
Dáta foilsitheNollaig 1981
Seánramiddle of the road (en) Aistrigh
Être une femme (en) Aistrigh
Cuid deLes lacs du Connemara
Suíomh scéalaíochtaConamara
TaibheoirMichel Sardou (en) Aistrigh
Souncloud: michel-sardou-official/les-lacs-du-connemara-album Spotify: 3vHswuqTNO0hIiW6am0tKB Last fm: Michel+Sardou/_/Les+Lacs+Du+Connemara Musicbrainz: 63c8e245-66ad-4bfc-9011-5358c5aac40b Discogs: 411737 Allmusic: mt0005209663 Cuir in eagar ar Wikidata

I Nollaig 1981 chuir an Francach Michel Sardou amhrán ar an margadh dar teideal Les Lacs du ConnemaraLochanna Chonamara. Díoladh na milliúin cóip den amhrán ó shin agus scaip cáil Sardou taobh amuigh den Fhrainc.[1][2][3]

Michel Sardou, san Olympia i bPáras, 2011
Lochanna Chonamara

Ní raibh Sardou i gConamara ariamh roimhe sin agus b’amhlaidh cás ag a leathbhádóir cumadóireachta, Pierre Delanoe. Ar Albain a bhí a gcuid peann dírithe acu ach d’éirigh leo bileog eolais turasóireachta a fháil ina raibh cuntas ar lochanna Chonamara. Leag siad ar an dúch.[4]

Tá an t-amhrán i mbéal go leor de mhuintir na Fraince i gcónaí. Castar an t-amhrán ag cóisirí agus ag chuile chineál ócáide, go háirithe má bhíonn sórt fiántas ar bith ag baint leis. Bheadh sé ar comhchéim leis na ‘Fields of Athenry’, nó níos treise ná sin, mar amhrán pobail sa bhFrainc.[4]

Deirtear gur chuidigh an t-amhrán go suntasach leis an turasóireacht as an bhFrainc go Conamara in imeacht na mblianta. Thug Cumann Tráchtála Chonamara ‘saoirse’ an cheantair do Sardou sa bhliain 2011,[5] cleas margaíochta par excellence.

Máirín agus Seán atá i scéal an amhráin. Phósadar beirt agus síos leo go Luimneach le haghaidh na bainise. Chuaigh gach a raibh ann ar an ‘téar’. Cois níor fhan fúthu.[4]

Tá 88 milliún amharc (i mí Lúnasa 2024) ag an amhrán a chuir an banna ceoil Kids United, cúigear páistí as an bhFrainc, ar a leathanach YouTube in 2018. Tá an cúigear le feiceáil san fhíseán nua agus iad ag canadh faoi lochanna Chonamara agus áilleacht an cheantair, agus grúpa damhsóirí agus ceoltóirí Gaelacha in éineacht leo.[6][7]

Níl leagan Gaelach le fáil (in 2024) fós.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. SACEM (2020-08-04). "Taispeántas - Musée SACEM". web.archive.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-04. Dáta rochtana: 2024-08-13.
  2. YouTube (2021-11-20). "Michel Sardou 'The Lakes of Connemara' - 1981 - Live with English Subtitles". 
  3. YouTube (2011-05-23). "Les Prêtres chantent les lacs du Connemara". 
  4. 4.0 4.1 4.2 Máirtín Ó Catháin (12 Lúnasa 2024). "‘Les Lacs du Connemara’ ag cothú cainte agus ceoil sa Fhrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-12.
  5. DECLAN VARLEY Galway Advertiser, Thu, Nov 10, 2011. "Freedom of Connemara for French singing legend". Galway Advertiser. Dáta rochtana: 2024-08-13.
  6. Maitiú Ó Coimín (12 Meán Fómhair 2017). "FÍSEÁN: 2.5 milliún amharc ag páistí as an bhFrainc dá bhfíseán ceoil faoi Chonamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-12.
  7. SARDOU et nous (2017-09-01). "KIDS UNITED – Les lacs du Connemara (SARDOU et nous…)".