Loc canála
Loc canála | |||
---|---|---|---|
Cuid de | canáil | ||
Úsáid | dul suas agus dul síos | ||
Geata | |||
Comhla | |||
Gníomhaíocht | |||
Oibreoir | coimeádaí loic | ||
Bealach chun airde an uisce a athrú i gcanáil (nó loch fiú) is ea loc canála, chun ligean di dul thar chnoic, agus do bháid dul thar bráid.
I loc réimse, bíonn seomra is féidir a fholmhú nó a líonadh trí chomhlaí a oscailt nó a dhúnadh sna geataí ar an taobh íochtarach nó uachtarach mar is cuí, chun an leibhéal a dhéanamh cothrom leis an leibhéal íseal nó ard.
De ghnáth, bíonn an geata íseal dúbailte agus dírithe in aghaidh an tsrutha chun go mbrúnn an t-uisce dhá thaobh an gheata le chéile. Is féidir gur geata singil an ceann uachtarach i loc beag, ach dúbailte i loic mhóra.
Sna canálacha in Éirinn tógann na loic báid timpeall 21 m ar fhad is 2.1 m ar leithead. I gCanáil Phanama, áfach, tógann na loic soithigh an-mhóra mhórfharraige.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Loc canála". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 415.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |