Liu Xiaobo
Ba intleachtóir, scríbhneoir agus gníomhaí ar son chearta an duine, sa tSín é Liu Xiaobo (28 Nollaig 1955- 13 Iúil 2017) (Sínis shimplithe: 刘晓波; carachtair Shíneacha thraidisiúnta: 劉曉波; pinyin: Liú Xiǎobō).
D'fhreastail sé mar Uachtarán ar Lárionad Neamhspleách PEN na Síne ón bhliain 2003 i leith.
Ar an 8 Nollaig 2008, gabhadh é toisc go raibh sé rannpháirtíocht le Cairt 08 (Sínis: 零八宪章). Gabhadh go foirmiúil é ar an 23 Meitheamh 2009, ar amhras go raibh sé "ag gríosú treascartha in aghaidh cumhachtaí an stáit." [1][2]
Cuireadh faoi thriail é ar na cúisimh chéanna ar an 23 Nollaig 2009. Gearradh pianbhreith a haon déag bliana príosúnachta air. Chaill sé a chearta polaitiúla ar feadh dhá bhliain ar Lá Nollag na bliana 2009.
Le linn a 4ú théarma príosúnachta ó 2009-2020, bhuaigh sé Duais Nobel na Síochána an 8 Deireadh Fómhair 2010, le haghaidh "a streachailt fhada agus neamh-fhoréigneach ar son chearta daonna bunúsacha sa tSín." [3][4][5]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Benjamin Kang Lim, China's top dissident arrested for subversion, Reuters, 24 Meitheamh 2009.
- ↑ "刘晓波因涉嫌煽动颠覆国家政权罪被依法逮捕 Curtha i gcartlann 2009-06-30 ar an Wayback Machine" (Liu Xiaobo Formally Arrested on 'Suspicion of Inciting Subversion of State Power' Charges), China Review News, 24 Meitheamh 2009.
- ↑ "The Nobel Peace Prize 2010 - Prize Announcement". nobelprize.org.
- ↑ "Liu Xiaobo won the Nobel Peace Prize (劉曉波獲諾貝爾和平獎)". RTHK. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 11 Deireadh Fómhair 2010. Dáta rochtana: 9 Deireadh Fómhair 2010.
- ↑ McKinnon, Mark. "Liu Xiaobo could win the Nobel Peace Prize, and he’d be the last to know". The Globe and Mail. 7 Deireadh Fómhair 2010