Lisa Vanderpump
Cuma
Is ban-aisteoir, bialannaí, dearthóir, pearsa theilifíse, údar, agus daonchara Sasanach í Lisa Vanderpump (a rugadh 15 Meán Fómhair 1960).[1] Is fearr aithne uirthi as na cláracha suaracha teilifíse réaltachta The Real Housewives of Beverly Hills, Vanderpump Rules, agus Vanderpump Dogs.
Is bialannaithe iad Vanderpump agus a fear céile, Ken Todd, agus bhí ar a laghad 36 bialann, beár, agus club ar fud na Ríochta Aontaithe agus na Stát Aontaithe acu, The Shadow Lounge, Bar Soho, SUR Restaurant & Lounge, Villa Blanca, Pump Restaurant, Tom Tom Restaurant & Bar, Vanderpump Cocktail Garden, agus Vanderpump à Paris ina measc.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Lisa Vanderpump”. TVGuide.com. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 1 Aibreán 2016.