Lisa Gorton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLisa Gorton
Beathaisnéis
Breith1972
51/52 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síSt Catherine's School (en) Aistrigh (–1989)
Ollscoil Melbourne - Baitsiléir Ealaíon
Ollscoil Oxford - Máistir Ealaíon, céim dochtúireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Rhodes
McKinsey & Company Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Is údar Astrálach í Lisa Gorton (1972-). Scríobhann sí filíocht, aistí agus ficsean.

Rugadh in Melbourne í agus rinne sí staidéar in ollscoileanna Melbourne agus Oxford. Tar éis di Scoláireacht Rhodes a fháil rinne sí MA i Litríocht na hAthbheochana agus Dochtúireacht i bprós agus i bhfilíocht John Donne. Chaith sí cúig bliana déag ina gcónaí in Éirinn, Sasana agus an Afraic Theas agus ina lán áiteanna san Astráil sular fhill sí ar Melbourne, áit a bhfuil sí ina gcónaí lena fear céile agus lena dtriúr clainne.

Tá duaiseanna bainte aici as filíocht, ficsean agus barr feabhais léinn.

Tá ráite fúithi go gcoinníon a cuid dánta aird ar “ideas of houses, the power and strange transformations of memory, and the significance of associated fragments”.[1]

Sliocht as “The History of Space Travel”

In truth, the history of space travel
is a history of rooms
—I kept a room
those eleven years in the Hotel Hyperion.
It had been a prison, the first in orbit,
and its guest rooms kept the old locks.
The Futures Museum was paying me for artefacts
from the failed outposts of settlement...

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Press Release (Giramondo, 2007)

Cloudland (Pan MacMillan, 2008)

Hotel Hyperion (Giramondo, 2013)

The Life of Houses (Giramondo, 2015)

Empirical (Giramondo, 2019)

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Paul Hetherington, léirmheas ar Hyperion in The Sydney Review of Books, 21 Bealtaine 2013.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Poetry International: Lisa Gorton [1]