Liosta rialtóirí na Sacsaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Liostaíonn an t-alt seo diúic, toghthóirí agus ríthe a bhí i gceannas ar chríocha éagsúla darb ainm an tSacsain, ó thús Dhiúcacht na Sacsaine sa 6ú haois go deireadh na monarcachtaí Gearmánacha sa bhliain 1918.

Ba Liútarach iad toghthóirí na Sacsaine ó Johann der Beständige (Gaeilge:Eoin Buanseasmhach ) ar aghaidh go dtí gur iompaigh August der Starke na Sacsaine (Gaeilge: Águstas Láidir) ar an Chaitliceachas chun a bheith tofa mar Rí na Polainne agus Ard-Diúc na Liotuáine. BA Caitlicigh a shliocht (lena n-áirítear Ríthe na Sacsaine go léir) ó shin i leith.

An tSean-Sacsain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa lá atá inniu ann, maireann na sean-armais Shacsonacha fós ann ar armais na Sacsaine Íochtaí agus Westfalen.

Chuimsigh Diúcacht bhunaidh na Sacsaine tailte na Sacsaine in iarthuaisceart na Gearmáine mar atá inniu ann, eadhon, stát comhaimseartha Gearmánach na Sacsaine Íochtaraí (Niedersachsen) mar aon le Westfalen agus Iarthar na Sacsaine-Anhalt (Gearmáinis;Sachsen-Anhalt), nach ionann agus stát na Gearmáine sa lá atá inniu ann.

Chuir Rí na bhFranc Séarlas Mór an tSacsain faoi smacht agus d'imeasc sé í isteach san Impireacht Chairilínseach. I ndeireadh na 9ú haoise, thosaigh an chumhacht ag aistriú ón rí Francach san Oirthear go dtí na rialtóirí Sacsanacha áitiúla, agus mar thoradh air sin tháinig an Stammesherzogtum (Gaeilge: Diúcacht Threibheach) chun cinn.

An tSacsain Neamhspleách[cuir in eagar | athraigh foinse]