Lios Ruanach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Lios Ruanach

Sráidbhaile i gContae Thiobraid Árann is ea Lios Ruanach.[1] Tá 12.4 ciliméadar cearnach ann agus seacht mbaile fearainn ag baint leis: Carraig an Mhuilinn, Cathair Chloch, An Chill Mhóir, Lios Ruanach, An Mhóin Rua, Muileann an Fhraincigh, An Seanbhaile.[2]

Is éard atá i “Ruanach” leagan díshamhlaithe (r-r- > r-n-) de Ruarach (< Ruadhrach), foirm ghinideach an ainm Ruaraí (< Ruadhraí). Ón bhliain 1493 atá an tagairt in *-n- is luaithe.[1] Tá “Lisrodrach” (Lios Ruadhrach) luaite in 1260.[3]

Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Lios Ruanach suite i mBarúntacht Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thoir. Bhí an Ghaeilge láidir i gContae Thiobraid Árann san 18ú haois, ach bhí meath ag teacht uirthi sa 19ú haois, agus sa bharúntacht úd agus in áiteanna eile i ndeisceart an chontae ba láidre í. I nDaonáireamh 1851 dúirt 10,976 duine (28.2%) i mBarúntacht Uíbh Eoghain agus Uíbh Fhathaidh Thoir go raibh Gaeilge acu. In 1891 bhí Gaeilge ag 3,402 duine (15.9%) ann.[4]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá daoine ina gcónaí i Lios Ruanach ó na luathmheánaoiseanna ar a laghad agus bhí sé i seilbh muintir de Burgh ó aimsir Anraoi II amach. Tá cáipéis uathúil ó 1333 ann, liosta tionóntaí mhainéar Lios Ruanach, agus cur síos ann ar thailte an tiarna, ar an gcíos a íocann tionóntaithe agus ar chearta mhuintir an tsráidbhaile.[5] Thóg na Buitléaraigh caisleán sa sráidbhaile sa 16ú haois agus é ar marthain fós ina fhothrach.[6] Tá stair múrach le feiceáil fós ann agus iarsmaí pholl an uafáis.[7]

Faoi thús an 19ú haois bhí 981 duine ina gcónaí ann.[8]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Bunachar Logainmneacha na hÉireann".
  2. https://www.townlands.ie/ga/tipperary/lisronagh1/
  3. Pádraig Ó Cearbhaill: “Researching the placenames of Co. Clare: Methodology, Sources, and Restoration”: http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/places/placenames_documentation_evolution.htm
  4. Ó hÓgáin, Dáithí, Duanaire Thiobraid Árann: Cnuasach d’fhilíocht na ndaoine ó oirdheisceart an chontae. An Clóchomhar Tta, 1981: lgh 10-12.
  5. Edmund Curtis, 'Rental of the Manor of Lisronagh, 1333, and Notes on "Betagh" Tenure in Medieval Ireland', Proceedings of the Royal Irish Academy, Section C, Vol. 43, (1935 - 1937), lgh 41-76.
  6. "Lisronagh Castle".
  7. https://irelandbyways.co.uk/ireland-routes/byroute-4/byroute-44-co-cork-w/3/
  8. "Lisronagh".

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]