Lionsa tadhaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é rud is lionsa tadhaill ann ná teasc phlaisteach a oiriúnaíonn do thosach na súile. Úsáidtear é chun an radharc a cheartú, díreach mar a dhéanann spéaclaí. Is féidir lionsaí tadhaill daite a úsáid chun dath dealraitheach súile a athrú ar chúis chosmaideach nó amharclannach. Cuireadh ar fáil den chéad uair iad sna 1930idí. Ba lionsaí scléaracha nó haipteacha a chlúdaigh tosach iomlán na súile na feistí luatha. Is lú ar fad na lionsaí nua-aoiseacha, lionsaí coirneacha a chlúdaíonn réigiún daite na súile (an t-inteachán) amháin. Tá lionsaí crua is boga ar fáil, le hairíonna difriúla maidir le feabhsú an radhairc, coinneáil, fad caite, compord, caothúlacht is fo-iarsmaí. Is as polaimeitilmeataicrioláit (PMMA, peirspéacs) a dhéantar cuid mhaith de na lionsaí crua. Tá lionsaí crua eile ann, a dhéantar as ceallalós aicéatáit bútaráit (CAB), a ligeann ocsaigin isteach don tsúil, agus tugtar lionsaí righne gásthréscaoilteacha orthu. Déantar na lionsaí boga as hiodrocsa-eitilmeataicrioláit, plaisteach a chuimsíonn uisce, atá cosúil le glóthach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lionsa tadhaill". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 412.