Linux mint

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lógo Linux Mint

Is Córas Oibriúcháin í Linux Mint. Is dáileadh Linux é atá bunaithe ar Ubuntu agus Debian freisin! Foilsítear Linux Mint faoin Ceadúnas Ginearálta Poiblí, mar sin is bogearra saor é Linux. Tá cách saor chun an cód a úsáid agus athrú mar ba mhaith leo.

Anois tá leagan nua le fáil atá bunaithe díreach ar Debian[1].

Scáilgraif ón eagrán is déanaí Linux Mint 10

Chruthaigh Clement Lefebvre Linux Mint, agus tá cónaí air in Éireann[2].

Leagan:[athraigh | edit source]

Leagan Ainm Dáta Eisithe
1.0 Ada 2006-08-27
2.0 Barbara 2006-11-13
2.1 Bea 2006-12-20
2.2 Bianca 2007-02-20
3.0 Cassandra 2007-05-30
3.1 Celena 2007-09-24
4.0 Daryna 2007-10-15
5 Elyssa 2008-06-08
6 Felicia 2008-12-15
7 Gloria 2009-05-26
8 Helena 2009-11-28
9 Isadora 2010-05-18
LMDE Linux Mint Debian 2010-09-07[3]
10 Julia 2010-11-12[4]
11 Katya 2010-11-12
12 Lisa 2010-11-12
13 Maya 2012-05-23

Foilsíonn Linux Mint leagan nua nuair a tagann leagan nua Ubuntu amach. Tarlaíonn sé sin gach 6 mí, mar sin tá dhá leagan nua Linux Mint - gach bhliain!

Is Leagan Tacaíocht Fad-Téarma í 'Isadora', mar sin beidh paiste is cabhair le fáil ar feadh 3 bhliain. De gnáth stopann siad ag ceartú fadhb tar éis bhliain go leath. Cé nach bhfuil aon tacaíocht le fáil, is féidir na sean leagan a íoslódáil go fóill ó Suíomh Linux Mint

Úsáidtear ainm baininscneach do chuile leagan, úsáidtear focail amháin mar ainm freisin. Tosaigh an céad litir mar 'a', agus anois tá siad suas chuig 'i'.

Foireann Forbairt[athraigh | edit source]

Déanann na daoine seo a leanas forbairt ar Linux Mint:

  • Clement Lefebvre - Bunaitheoir an Córas, tá sé i gceannas ar an tionscnamh agus déanann sé obair ar freisin
  • Jamie Boo Birse - I gceannas ar an leagan KDE
  • Kendall Weaver ("kendall", USA): I gceannas ar na leagan LXDE agus Fluxbox
  • merlwiz79 - I gceannas ar an leagan Xfce

Tá neart daoine eile a chuireann leis an tionscnamh, tá liosta do na príomh daoine le fáil ar leathanach eolas Linux Mint. Freisin déantar aistriúcháin ar an Córas Oibriúcháin.


Nasc seachtrach[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. http://blog.linuxmint.com/?p=1527
  2. http://www.linuxmint.com/about.php
  3. http://blog.linuxmint.com/?p=1527
  4. http://blog.linuxmint.com/?p=1581