Lingchi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Léaráid a foilsíodh sa nuachtán Francach Le Monde illustré sa bhliain 1858, ar an misinéir Francach Auguste Chapdelaine á chur chun báis trí lingchi sa tSín

Cineál céasta a d'úsáidtí san Áise ab ea Lingchi (Sínis: 凌遲). Bhíodh sé in úsáid mar mhodh ceastóireachta agus mar bhealach chun daoránaigh a chur chun báis sá tSín, ó thart ar 900 go dtí gur cuireadh cosc ​​air sa bhliain 1905. Tugtar “an próiseas mall”, “an slisniú mall”, agus “an bás le míle gearradh” air chomh maith. De réir foinsí áirithe, tá cásanna taifeadta in Vítneam agus sa Chóiré freisin. Sa chineál seo básaithe, d'úsáidtí scian chun codanna den chorp a bhaint go rianúil thar thréimhse fhada, go dtiocfaí bás ar deireadh.

De réir dealraimh, ghearrtaí Lingchi i leith coireanna tromchúiseacha ar nós tréasa. Cuireadh roinnt Iartharach chun báis ar an mbealach seo. D'ainneoin don chleachtas a bheith as úsáid le tamall fada, cloistear tagairtí dó sna meáin anois is arís.