Linda Ervine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLinda Ervine
Beathaisnéis
Breith1961
62/63 bliana d'aois
Gníomhaíocht
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéileBrian Ervine Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaDavid Ervine (deartháir céile) Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaí teanga ó Bhéal Feirste Thoir í Linda Ervine (a rugadh sa bhliain 1961).[1][2][3] Tacaíonn sí leis an nGaeilge trí ranganna Gaeilge a eagrú i gceantar Mhisean Oirthear Bhéal Feirste. As cúlra Aontachtaí Protastúnaigh di agus tugann sí tacaíocht d'Acht don Ghaeilge.

Oibrí Pobail[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Lárionad Skainos suite ar Bóther Newtownards, Béal Feirste

Tá Linda Ervine ina cúltaca ina pobal in oirthear Bhéal Feirste, agus an Ghaeilge á cur chun cinn aici chun daoine ó phobail thraidisiúnta Phrotastúnacha/Aontachtacha/Dílseora a nascadh lena stair féin. Ó bunaíodh tionscadal Turas[4] de chuid Mhisean Oirthear Bhéal Feirste (East Belfast Mission)[5][6] in 2012, tá Linda agus a comhghleacaithe ag eagrú ranganna Gaeilge d’fhoghlaimeoirí neamhthraidisiúnta Gaeilge. Dar le go leor tá sé léirithe aici gur meán í an teanga lenar féidir pobail a aontú, athmhuintearas a chothú agus deighiltí a leigheas.

Ollscoil na Banríona, Béal Feirste

Tá obair Turas tar éis dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. I dteannta ranganna rialta, tá scéim scoláireachtaí bunaithe acu chun foghlaimeoirí teanga a spreagadh le cáilíochtaí tríú leibhéal a bhaint amach sa Ghaeilge. Is ó chúlra Protastúnach seisear as naonúr dá scoláirí scoláireachta, daoine nach raibh deis acu an Ghaeilge a fhoghlaim ar scoil ná sa bhaile. Sna 2020idí, bhí Linda í féin ag tabhairt faoi chéim sa Ghaeilge ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Thacaigh Linda freisin le hobair comheagraíochta, Cairde Turas, a oibríonn i gcomhar le Turas chun pobal bríomhar foghlama teanga a chur chun cinn agus a fhorbairt in oirthear Bhéal Feirste. Tá sí féin agus Cairde Turas tar éis turais go ceantair Ghaeltachta ar fud an oileáin a éascú d’fhoghlaimeoirí Gaeilge chun a gcuid scileanna teanga a fheabhsú agus bualadh le Gaeilgeoirí eile.

Thacaigh lucht Chiste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha le tionscadail éagsúla a raibh baint ag Linda leo. Sa bhliain 2021, dámhadh deontais do Mhisean Oirthear Bhéal Feirste, Cairde Turas agus Naíscoil na Seolta, chun cuidiú leis an obair iontu.

Naíscoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ról lárnach ag Linda agus a comhghleacaithe i mbunú na chéad réamhscoile imeasctha Gaeilge in oirthear Bhéal Feirste, Naíscoil na Seolta, i mí Dheireadh Fómhair 2021.[7] Tugann an Naíscoil buntáistí an dátheangachais agus an luath-thumoideachais dá pobal áit nach raibh roghanna dá leithéid ar fáil go traidisiúnta.

Níor chuir gach aon duine in Oirthear Bhéal Feirste fáilte roimh an tionscnamh, áfach, agus b’éigean do Linda agus dá comhghleacaithe dul i ngleic le roinnt dúshlán suntasach sula bhféadfaí doirse na scoile a oscailt faoi dheireadh i mí Dheireadh Fómhair.

Fóram na mBan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Linda óráid sa bhliain 2022 ag Fóram Uile-Oileán na mBan.[8] Is í Comhairle Náisiúnta na mBan a chuir tús leis an bhFóram sin mar chuid den tionscnamh Oileán Comhroinnte de chuid Rialtas na hÉireann agus faigheann an Fóram tacaíocht ón gCiste Athmhuintearais freisin. Is é is cuspóir don Fhóram naisc sa tsochaí shibhialta a fheabhsú agus tacaíocht a thabhairt do rannpháirtíocht na mban, ó phobail agus ó thraidisiúin éagsúla ar an oileán, maidir le saincheisteanna ar ábhar imní coitinn iad.

Club CLG[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh maith is í Linda an chéad uachtarán ar an gclub CLG Oirthear Bhéal Feirste, atá lonnaithe in Oirthear Bhéal Feirste. Imríonn an fhoireann i Sraith Sinsear Chontae an Dúin faoi láthair. Tá an fhoireann seo ina foireann tras-phobail ó bunaíodh í i mBealtaine 2020. Tá Aontachtaithe agus Náisiúnaithe araon ag imirt léi. Is é an chéad chlub CLG atá lonnaithe in Oirthear Bhéal Feirste é ó bunaíodh Club Naomh Cholm Cille sna 1950idí.

Theip ar an gclub áirithe sin ag tús na dTrioblóidí. Ghnóthaigh an club an duais for-rochtana pobail ag Gradaim Uachtaráin CLG Uladh anuraidh. Tá roinnt foirne acu a imríonn in aoisghrúpaí éagsúla agus tá páirc bhuan á lorg acu i lár na cathrach. Déanann an club go leor obair for-rochtana, lena n-áirítear úsáid a bhaint as an Ultais ar an suaitheantas atá acu agus déanann siad obair for-rochtana shonrach le grúpaí eile, amhail cainteoirí Araibise agus teifigh.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagann Ervine ó chúlra Protastúnach Briotanach agus i bhfabhar do Thuaisceart Éireann ag fanacht sa Ríocht Aontaithe. Nuair a bhí sí ag fás aníos, thacaigh a teaghlach le Shóisialachas agus do cheardchumannachas. Is deirfiúr chéile David Ervine, iarbhall den Óglaigh Uladh agus ceannaire den Pháirtí Aontachtach Forásach, í. Bhí a fear céile Brian Ervine i gceannas ar an bpáirtí chomh maith.

D'oibrigh Ervine mar mhúinteoir Bhéarla.

Bhuail Covid-19 í sa bhliain 2020.[9]

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • What the Focal? Scéal le Linda Ervine. Cóirithe ag Jonathan Burgess. Léirithe ag Blue Eagle Production i gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin.[10]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ann Marie Hourihane (7 Fea 2015). "Bringing an teanga Gaeilge to east Belfast" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-03-12.
  2. "site:.tuairisc.ie "linda ervine" - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2022-03-12.
  3. "site:.nos.ie "linda ervine" - Cuardach Google". www.google.fr. Dáta rochtana: 2022-03-12.
  4. "Turas" (as en) (2020-09-30). Wikipedia. 
  5. "East Belfast Mission - About Us" (en-gb). www.ebm.org.uk. Dáta rochtana: 2022-03-12.
  6. "Skainos Centre, Bóthar Newtownards, BT4 1AF" (en). Google Maps (2022). Dáta rochtana: 2022-03-12.
  7. "‘Ní chuirfear stop linn’ – Linda Ervine meáite ar naíscoil Ghaeilge a bhunú in ainneoin ‘feachtas fuatha’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-12.
  8. "https://twitter.com/ervinelinda" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-03-12.
  9. Méabh Ní Thuathaláin (Déardaoin, Aibreán 16 2020). "‘Bhí eagla an domhain orm nuair a bhuail na chéad siomptóim mé’ – Linda Ervine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-12.
  10. "‘I caught her…learnin’ Irish!’ – gearrscannán grinn nua faoin nGaeilge ó Linda Ervine" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-03-12.