Lile na ngleanntán
Cuma
Convallaria majalis | |
---|---|
Planda | |
Cineál an toraidh | caor |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Asparagales |
Fine | Asparagaceae |
Géineas | Convallaria |
Speiceas | Convallaria majalis L., 1753 |
Planda ilbhliantúil a fhásann 20 cm ar airde, dúchasach don Eoraip is an Áise is ea lile na ngleanntán (Convallaria majalis). Bíonn na duilleoga ubhchruthach agus i bpéirí, na gais mar a bheadh i dtruaill, an bláthra caol aontaobhach, na bláthanna bána cúmhra ag cromadh ina gcloig chruinne le 6 mhaothán gearr, na caora dearg. Saothraítear í mar mhaisiúchán agus foinse cumhráin.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Lile na ngleanntán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 410.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |