Jump to content

Leithcheal ciníoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Southport, 30 Iúil 2024 agus círéibeacha na Ríochta Aontaithe 2024

Is féidir leithcheal ciníochleithcheal ar bhonn cine tarlú do dhaoine áirithe ó chine difriúil nó ó mhionlach eitneach eile. Is minic a chuirtear i leith daoine ó mhionlaigh eitneacha go bhfuil siad ‘ag goid ár gcuid post agus ár gcuid dtithe’ ach, i ndáiríre, uaireanta tá siad ag tabhairt faoi na jabanna nach bhfuil ag teastáil ó dhaoine a rugadh san áit agus déanann siad cion céadach.[1]

Mar shampla, i mí Iúil agus Lúnasa 2024, tharla círéibeacha ciníocha i mBéal Feirste agus áiteacha eile sa Tuaisceart. Tá Ospidéal na Cathrach i mBéal Feirste buailte le Sandy Row agus Bóthar Dhún na nGall, an chomharsanacht inar bhris na círéibeacha amach.[2] Ach tá an córas Sláinte agus Cúram Sóisialta i dTÉ ag brath go hiomlán ar a fhoireann ó mhionlaigh eitneacha. Ritheann na hiontaobhais sláinte feachtas earcaíochta thar lear i ngeall ar an nganntanas foirne baile.[3] Cháin eagraíochtaí na n-oibrithe sláinte (nó NICON, scátheagraíocht na seirbhíse) na hionsaithe ar lucht gnó.[2][3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ccea.org.uk. "Cad is ciall le Sochaí Shibhialta? Cineálacha Leithcheala". Dáta rochtana: 2024.
  2. 2.0 2.1 Loisceadh siopaí agus rinneadh iarracht a n-úinéirí a ionsaí mar gur inimircigh neamhgheala iad, Moslamaigh
  3. 3.0 3.1 Póilín Ní Chiaráin (11 Lúnasa 2024). "Contúirt don tsochaí ar fad is ea an foréigean ciníoch seo" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-08-11.