Jump to content

Leadán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoLeadán
Dipsacus Cuir in eagar ar Wikidata

leadán úcaire Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdDipsacales
FineCaprifoliaceae
GéineasDipsacus Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Cineál tacsanomaíochDipsacus fullonum Cuir in eagar ar Wikidata

Planda mór docht colgach ilbhliantúil a fhásann go dtí 2 m. Dúchasach don Eoraip is an Mheánmhuir. A ghas ar uillinn. Na duilleoga i gcnota, leathfhada nó éilipseach, a fhaigheann bás tar éis bliana. Na duilleoga ar an ngas caol, ina bpéirí, cónasctha ag a mbun chun cupáin lán d'uisce a dhéanamh. Na bláthanna an-bheag, bán nó liathchorcra, i gcinn ar mhéid is cruth uibhe, agus iad timpeallaithe le brachtanna cuaracha deilgneacha. Bíonn brachtanna righne ar chinn an leadáin shaothraithe, leadán Fuller, agus úsáidtear iad chun an bruth a thógáil ar éadaí. Bheadh na brachtanna ar an leadán fiáin rósholúbtha chuige sin.[1]

  1. Hussey, Matt (2011). "Leadán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 398.