Leabharlann an Chreidimh
Cuma
| Leabharlann an Chreidimh | ||||
|---|---|---|---|---|
| Sonraí | ||||
| Cineál | Leabharlann síntiúis agus leabharlann Chaitliceach | |||
| Foirgníocht | 1922 | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Suíomh | Baile Átha Cliath | |||
| ||||
| Suíomh gréasáin oifigiúil | catholiclibrary.ie | |||
Tá Leabharlann an Chreidimh (Béarla: Central Catholic Library) suite i mBaile Átha Cliath, ag 74 Cearnóg Mhuirfean.
Tá thart ar 70,000 leabhar agus tréimhseachán sa Leabharlann a bhaineann leis an gCríostaíocht, le reiligiún agus ábhair ghaolmhara. Is féidir na leabhair sa Seomra Iasachta a thógáil ar iasacht. Ní féidir na leabhair ins na Bailiúcháin Speisialta a thógáil ar iasacht, áfach — déantar iad a léamh taobh istigh de Sheomra Léitheoireachta na Leabharlainne. Tá seirbhís chóipeála ar fáil.
Tá an Leabharlann oscailte don phobal Luan-Satharn, 11.00-18.00. Tugtar comhairle don chuairteoir maidir le húsáid na Leabharlainne. Tá saor cead isteach chuig an Leabharlann.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- CatholicLibrary.ie Suíomh gréasáin Leabharlann an Chreidimh
| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
