Lavandula
Cuma
| Tacsanomaíocht | |
|---|---|
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Lamiales |
| Fine | Lamiaceae |
| Fofhine | Nepetoideae |
| Géineas | Lavandula L., 1753 |
Is géineas de phlandaí bláthanna é Lavandula ar a dtugtar labhandar nó lus liath go coitianta. Tá 47 speiceas sa ghéineas, dúchasach don Sean-Domhan. Tá siad le fáil i Rinn Verde agus na hOileáin Chanáracha, agus ón Eoraip go dtuaisceart agus oirthear na hAfraice, an Mheánmhuir, iardheisceart na hÁise, agus an India.[1]
Saothraítear go leor speiceas mar phlandaí ornáideacha in aeráidí measartha, mar luibheanna cócaireachta, agus ar bhonn tráchtála chun blátholaí a eastóscadh.[2] Úsáidtear labhandar sa leigheas traidisiúnta agus mar chomhábhar i gcosmaidí.
Is minic gurb é an speiceas coitianta Lavandula angustifolia atá i gceist nuair a úsáidtear an téarma lom “lus liath” nó “labhandar” i nGaeilge.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Forney, Julie Martens (n.d.). “Outdoor flowering plants – mona lavender”. HGTV. Dáta rochtana: 19 Deireadh Fómhair 2018.
- ↑ “Plectranthus Mona lavender”. Plant Finder. Missouri Botanical Garden. Dáta rochtana: 19 Deireadh Fómhair 2018.