Laudabiliter
Cineál | litir bulla Phápa brionnúchán stairiúil |
---|---|
Údar | Pápa Aidrian IV |
Dáta foilsithe | 1155 |
Ba bhulla de chuid an Phápa é Laudabiliter (Gaeilge: Tá sé le moladh) a eisíodh sa bhliain 1155 ag an Pápa Aidrian IV an t-aon phápa Sasanach amháin a d'fhreastail san oifig sin. Tá na heolaithe sáite i gconspóid faoin bhulla seo le blianta, cé acu an raibh sé ann nó nach raibh, mar níl aon chóip ar marthain ach luann scoláirí go leor tagairtí, chomh luath leis an 13ú haois, chun tacú le bailíocht a leithéid a bheith ann.[1] Tá an bulla ag maíomh ceart a thabhairt don Rí Ainsivíneach Anraí II Shasana Éire a ionsaí agus a rialú, agus leasuithe Greagóracha a chur i bhfeidhm ar an Eaglais Chríostaí leath-uathrialacha in Éirinn. D'fhógair Risteárd de Clare agus na ceannairí eile de chuid na Normannach ar Éirinn (1169-71) gur údaraigh Laudabiliter an t-ionradh. Bhí na ridirí Cambra-Normannacha seo coinnithe ag Diarmaid Mac Murchadha, a chaill a choróin sa bhliain 1166, mar comhghuaillí ina throid le hArd-Rí na hÉireann, Ruaidrí Ua Conchobair<nowiki>]].
Bull phápa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nótaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ireland Before the Normans: Donnchadh Ó Corráin