Laudabiliter

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLaudabiliter
Cineállitir
bulla Phápa
brionnúchán stairiúil Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarPápa Aidrian IV Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1155 Cuir in eagar ar Wikidata

Musicbrainz: fb5bcbdb-72ec-42b0-a5e5-fadc0c3827f6 Cuir in eagar ar Wikidata


Ba bhulla de chuid an Phápa é Laudabiliter (Gaeilge: Tá sé le moladh) a eisíodh sa bhliain 1155 ag an Pápa Aidrian IV an t-aon phápa Sasanach amháin a d'fhreastail san oifig sin. Tá na heolaithe sáite i gconspóid faoin bhulla seo le blianta, cé acu an raibh sé ann nó nach raibh, mar níl aon chóip ar marthain ach luann scoláirí go leor tagairtí, chomh luath leis an 13ú haois, chun tacú le bailíocht a leithéid a bheith ann.[1] Tá an bulla ag maíomh ceart a thabhairt don Rí Ainsivíneach Anraí II Shasana Éire a ionsaí agus a rialú, agus leasuithe Greagóracha a chur i bhfeidhm ar an Eaglais Chríostaí leath-uathrialacha in Éirinn. D'fhógair Risteárd de Clare agus na ceannairí eile de chuid na Normannach ar Éirinn (1169-71) gur údaraigh Laudabiliter an t-ionradh. Bhí na  ridirí Cambra-Normannacha seo coinnithe ag Diarmaid Mac Murchadha, a chaill a choróin sa bhliain 1166, mar comhghuaillí ina throid le hArd-Rí na hÉireann, Ruaidrí Ua Conchobair<nowiki>]].

Bull phápa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bulla an Phápa Uirbeach VIII, 1637

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ireland Before the Normans: Donnchadh Ó Corráin