Lansa teirmeach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaireas gearrtha, cosúil le tóirse, chun cruach is cóimhiotail righne eile a ghearradh, a bhraitheann ar an bhfíoras gur féidir iarann a dhó in ocsaigin. Bíonn soc príomhúil ann chun scaird ocsaigine a sholáthar, agus soc tánaisteach chun aicéitiléin a sholáthar leis an miotal a réamhthéamh chuig teocht ag a ndófaidh sé sa sruth ocsaigine. Ina dhiaidh sin, is leor an sruth ocsaigine chun dó an mhiotail a choinneáil ar siúl.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lansa teirmeach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 394.