Lampa fluairiseach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Lampa díluchtúcháin ar leith. De bharr na ngás ann, astaíonn sé an méid áirithe sin solais ultraivialait. Clúdaítear an taobh istigh de ghloine an fheadáin le péint speisialta. Istigh sa phéint seo tá fosfair, ceimiceáin atá fluaraiseach. Ionsúnn na fosfair an radaíocht ultraivialait, agus mar fhreagra, astaíonn solas sa speictream infheicthe, a thagann amach as an lampa.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Lampa fluairiseach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 393.