Laika
Madra ab ea Laika (1954 - 3 Samhain 1957), an chéad chréatúr beo a chuaigh suas agus isteach sa spás. Lainseáladh Laika ar an spáslong Shóivéideach Sputnik 2 go bhfeicfí cad é mar a rachadh an spás i bhfeidhm ar rudaí beo.
Fuair Laika bás ann. Dúirt na Rúisigh ag an am go maraíodh an madra le hinstealladh nimhe.[1] Creid daoine áirithe níos déanaí go bhfuair Laika bás sa spás nuair a d'fheall ar a sholáthar ocsaigine.[2] Ach théigh an t-inneall an iomarca, a léiríodh sa bhliain 2002.
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Thosaigh spásrás idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Sóivéadach i lár na gcaogaidí, iad ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar a chéile sa taiscéalaíocht sa spás.[3] Bhí an tAontas Sóivéadach ag déanamh an-dul chun cinn i gcúrsaí eolaíochta agus teicneolaíochta sna 1950idí.