Lada
Cuma
| Sonraí | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | branda cairr | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 1966, Tolyatti | ||||
| Gníomhaíocht | |||||
| Táirge | gluaisteán | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Máthaireagraíocht | AvtoVAZ | ||||
| Úinéir | AvtoVAZ | ||||
| Suíomh gréasáin | lada.ru | ||||
Is branda gluaisteán é Lada (Rúisis: Лада, fuaimniú: [ˈladə]). Is é AvtoVAZ (VAZ ar dtús), comhlacht faoi úinéireacht stát na Rúise, a tháirgeann na gluaisteáin. Idir Eanáir 2021 agus Bealtaine 2022, cuireadh Lada agus a chomhbhranda Dacia le chéile san aonad gnó Lada-Dacia faoi scáth Renault.
Táirgeadh na chéad ghluaisteáin de chuid AvtoVAZ le cúnamh teicniúil ó Fiat agus cuireadh ar an margadh san Aontas Sóivéadach iad faoin ainm Zhiguli (Жигули). Seoladh an branda Lada sa bhliain 1973,[1] dírithe ar an margadh thar lear ar dtús, sula ndearnadh príomhbhranda AvtoVAZ de Lada sna 1990idí. Tá stair fhada ag an mbranda sa Rúis agus tá sé coitianta i dtíortha iar-Shóivéadacha freisin. Ghlac Renault smacht ar an mbranda i 2016.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol faoin gluaisteáin nó monaróir gluaisteán é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |