La La Land

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinLa La Land
Cuir in eagar ar Wikidata
Buneolas
StiúrthóirDamien Chazelle Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúGary Gilbert, Marc E. Platt, Jordan Horowitz agus Fred Berger Cuir in eagar ar Wikidata
Dearthóir léiriúcháinDavid Wasco Cuir in eagar ar Wikidata
ScriptDamien Chazelle Cuir in eagar ar Wikidata
CeolJustin Hurwitz Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtLinus Sandgren Cuir in eagar ar Wikidata
Eagarthóireacht scannáinTom Cross Cuir in eagar ar Wikidata
FeisteasMary Zophres Cuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht léiriúcháinLionsgate agus Summit Entertainment Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirSummit Entertainment Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú12 Eanáir 2017 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama128 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scannánaíochtaLong Beach, California agus Los Angeles Cuir in eagar ar Wikidata
Dathdaite Cuir in eagar ar Wikidata
Buiséad30,000,000 $ Cuir in eagar ar Wikidata
Tuilleamh471,981,104 $ (domhanda)
151,101,803 $ (Stáit Aontaithe Mheiriceá) Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán rómánsúil, geandrámaíocht, scannán grinn, scannán ceoil agus scannán drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Rátáil MPAAPG-13 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábharromantic love (en) Aistrigh, fleeting relationship (en) Aistrigh, uaillmhian, gníomhréim, goal pursuit (en) Aistrigh, rath, culture of Los Angeles (en) Aistrigh, snagcheol, aisteoireacht, tionscal na scannán, tionscal an cheoil agus intimate relationship (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh scéalaíochtaLos Angeles agus Boulder City Cuir in eagar ar Wikidata
Socraithe sa tréimhse2010í Cuir in eagar ar Wikidata
Liosta na ngradam agus na n-ainmniúchán
Ainmnithe do
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáin oifigiúillalaland.movie Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: tt3783958 Filmaffinity: 689956 Allocine: 229490 Rottentomatoes: m/la_la_land Letterboxd: la-la-land Mojo: lalaland Allmovie: v631486 TCM: 2061601 Metacritic: movie/la-la-land TV.com: movies/la-la-land
Facebook: lalaland Twitter: LaLaLand Instagram: lalaland Cuir in eagar ar Wikidata
Damien Chazelle

Is scannán ceolmhar, romansúil, maoithneach é La La Land, scríofa agus stiúrtha ag Damien Chazelle. Tá Emma Stone mar aisteoir uaillmhianach agus Ryan Gosling mar phianódóir snagcheoil agus nuair a bhuail siad lena chéile i Los Angeles, thit siad i ngrá.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Chazelle an scannán i 2010 ach dhiúltaigh na heagraíochtaí airgead a infheistiú sa scannán ag anam, gan cúpla bun-smaointí a athrú. I ndiaidh an ratha a bhí ag an scannán Whiplash a ndearna sé i 2014, thacaigh Summit Entertainmant le Chazelle[2]. Thosaigh siad ag scannánaíocht i mí Lúnasa 2015 i Los Angeles.

Emma Stone

Scéal[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ryan Gosling

Carachtair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lonnaithe i Hollywood, tá Mia Dolan agus Sebastian Wilder ag streachailt leis an saol, i ngairmeacha, a bhfuil paisean mhór acu dóibh.

Is aisteoir í Mia a thit amach as an Ollscoil agus a bhog ó Nevada, baile beag cúig bliana roimhe sin chun a briongloid a leanúint i Hollywood.

Is pianódóir snagcheoil chlasaiceach é Sebastian. Tá sé ag iarraidh fanacht dílis do thraidisiún an cheoil a bhfuil sé gafa leis. Tá deacrachtaí aige ceol a sheinnt nach bhfuil sa stíl sin nó mar ‘fíor-cheol’ dar leis agus toisc go bhfuil sé ceanndána lena gcuid tuairimí, tugann a fhostóirí bata is bóthar dó. Tá sé mar bhrionglóid aige a chlub snagcheoil féin a oscailt.

Nuair a bhuaileann an bheirt le chéile, bíonn a gcéad cúpla cruinnithe teasaí go leor. ach sa deireadh thiar thall titeann siad i ngrá mar gheall ar an bpaisean céanna a léiríonn siad da mbrionglóidí féin. Ach tá an-iomarca dúshláin ag cur isteach ar a gcaidreamh toisc go bhfuil an bheirt acu ag diriú ar a mbrionglóidí féin agus sa deireadh scaradar.[1]

Plota[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla go raibh Mia Dolan sainnithe i dtranglam tráchta ar "Another day of sun", agus ansin bhí raic idir í féin agus Sebastian. Chomh maith leis sin, bhí lá uafásach aici ag obair sa chaifé agus bhí a triail scriosta, mar thóg an stiúrthóir scairt ghútháin i rith an radharc mothúchánach.

An oíche sin chuir a comrádaí seomra ina luí uirthi dul amach chuig cóisir mhór sna Hollywood Hills. Mhínigh siad dí go mbeadh "Someone in the crowd" ann a mbeadh ábalta a shlí bheatha a bhisiú.

Emma Stone, Justin Hurwitz, agus Damien Chazelle; féile Mill Valley Film 2016

Bhí an oíche mí-eachtrúil agus nuair a d’fhill sí ar áis chuig a carr, thug sí faoi deara go raibh  sí páirceáilte go mídhleathach agus go raibh a carr imithe. Bhí uirthi siúl i sála arda síos ‘canyon’ isteach sa cháthair. Bhí sí ag siúl timpeall Hollywood ach bhí sí curtha ar sheachrán nuair a chuala sí amhrán snagcheoil gleoite ar an bpianó. Meallann sé Mia chun dul isteach chuig an mbialann, darbh ainm Liptons, áit a fheiceann sí Sebastian ag seinm an amhráin" Mia and Sebastain’s theme".

Emma Stone, Biennale di Venezia,  an Veinéis, 2016

Ansin feicimid iardhearcadh le Sebastian ag séideadh boinn a ghluaisteán ar Mhia. I rith a ghig sa bhialann tosaíonn sé ag seinm píosa snagcheoil in ainneoin an rabhadh dáiríre a fuair ón úinéir gan amhráin a sheinm seachas na cinn ó shraithchlár traidisiúnta na Nollag. Ansin tagann Mia isteach, tógann an bainisteoir Sebastian ar leataobh agus tugann sé bata is bóthar dó. Ina dhiaidh sin déanann Mia iarracht a chur in iúl dó cé chomh gleoite is a bhí an ceol ach amharcann sé uirthi faoina shúil.

Ádh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúpla mí ina dhiaidh sin buaileann siad lena chéile ag cóisir, tá Sebastian ag seinm i mbanna ceoil bunaithe ar phopcheol ó na hochtóidí. Tá Mia ag spocadh astu agus choir achainí isteach ar an amhrán" I Ran (So Far Away)". Tar éis na cóisire, siúileann siad chuig an gcarrchlós le chéile ag cuimhneamh siar ar A lovely night a chuir siad amú in ainneoin go bhfuil dúil acu ar a chéile.

An lá dár gcionn, tagann Sebastian chuig ionad oibre Mia, tógann sí Sebastian timpeall an stiúideo scannáin, áit a oibríonn sí mar ‘barista’. Míníonn sí dó a cuid paisin don aisteoireacht. Ansin déanann Seabastian cur síos ar a chuid paisin don snagcheol, a ghrá do " City Of Stars" agus a mhian club dá chuid féin a oscailt. Tá siad ag réiteach go maith lena chéile agus tugann Sebastian cuireadh do Mhia teacht chuig reamhthaispeántas an scannáin " Rebel without cause". Glacann Mia lena chuireadh agus déanann sí dearmad go bhfuil pleananna eile aici lena buachaill. Tréigeann sí a buachaill ar a gcoinne, ritheann sí go gásta chuig an amharclann agus faigheann sí Sebastian sula dtosaíonn an scannán. Nuair a bhriseann an teilgeoir, críochnaíonn siad an oíche le rince rómánsúil ag an pláinéadlann.

I ngrá[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teipeann ar Mhia i go leor trialacha aisteoireachta ach bógann Shebastian agus Mia isteach lena chéile agus tá siad sóna sasta.

Tugann Keith, cara Sebastian, cuireadh dó chun a bheith mar méarchlaradóir ina bhanna snagcheoil. Cé go bhfuil stíl pop ag baint leis an mbanna, síníonn sé an conradh. Bíonn rath ag an mbanna ach tá Mia trína chéile nuair a chloiseann sí an t-amhrán" Start a Fire" mar is amhrán pop é agus tá a fhios aici nach bhfuil croí Sebastian sa sheánra sin. Le linn an chamchuairt, tá argóint idir Sebastian agus Mia.

Jordan Horowitz, AFI 2016

Filleann Mia agus í lán le frustrachas ach níl Sebastian i láthair do chéad oíche an dráma mar gheall ar fhótasheisiún fá choinne a bhanna ceoil. Fíor-thubaiste atá ann an oíche sin mar níl ach cúpla duine i láthair ag an dráma. Déanann Sebastian iarracht leithscéal a gabháil do Mhia, ach briseann sí an chaidreamh. Níl sí in ann an amharclann a íoc. Mar sin téann sí abhaile, go Nevada.

Faigheann Sebastian glaoch ó stiúrthóir cáiliúil darb ainm Amy Brandt, a bhí i láthair ag dráma Mia agus tugann sí cuireach do Mhia teacht fá choinne triail scannánaíochta. Tiomáineann Sebastian an bealach ar fad chuig Boulder City agus cuireann sé ina luí ar Mhia filleadh ar ais don triail. Sa deireadh thiar thall, aontaíonn Mia agus glacann sí leis an gcuireadh.

Ag an triail,  iarrtar uirthi scéal a insint agus mar fhreagra, cuireann sí "Audition (The Fools Who Dream)," os a gcomhair. Faoi dheireadh socraíonn an bheirt go mbeadh grá acu dá chéile i gcónaí ach nach bhfuil siad cinnte cad a bheadh i ndán dóibh.

I bhfad níos déanaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúig bhliain ina dhiaidh sin, tá Mia ina haisteoir cáiliúil, í pósta go sona sásta lena féar chéile, agus iníon gleoite acu. Oíche amháin tá an lánúin amuigh ar an mbaile agus tagann siad ar theach tábhairne snágcheoil de thaisme. Téann siad isteach agus tugann Mia faoi deara an fógra do 'Seb's' , a chruthaigh sí cúpla bliain roimhe sin.

Ansin aithníonn sí gur teach tábhairne Sebastian é. Nuair a thugann Sebastian faoi deara go bhfuil Mia sa slua, seinneann sé "Mia and Sebastian's theme. Ansin tosaíonn an 'Dream sequence'.

Taispeánann an brionglóid conas a bheadh an saol dá fhánfaidís le chéile. Nuair a chríochnaíonn sé, roinneann Mia agus Sebastian miongháire le mianchumhach agus fágann Mia lena fear céile.

Léiriúchán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lighthouse Café, trá Hermosa, California

Mar drumadóir cuireann Chazelle spéis mhór sna scannáin cheolmhara[2][3]. Chruthaigh sé an scannán i 2010 agus é ina mhac léinn i Harvard in éineacht lena chara Justin Hurwitz. Tar éis don bheirt acu céim a bhaint amach, bhog siad go dtí Los Angeles agus chum siad an script agus rinne siad cúpla leasaithe mar shampla d’athraigh siad an áit sa scannán ó Bhoston go Los Angeles.[4]

Chuir siad béim ar na tréithe áirithe ag baint le L.A mar shampla an trácht, infreastruchtúr agus an t-atmaisféar.[5] Chomh maith leis sin tá an scannán i dtiúin leis na scannáin chlasaiceacha mar Singin’ in the Rain, The Band Wagon, Broadway Melody of 1940 agus ‘An American Paris maidir le stíl, rince agus amharclannach.[6]

Tá cosúlachtaí idir La La Land agus an ceoldráma eile le Chazelle, Whiplash. Tá na cosúlachtaí ann idir na téamaí agus na carachtair éagsúla, carachtair ag streachailt agus iad ag leanúint brionglóidí agus an réaltacht ag baint leo. Tá an dá scannán bunaithe ar shaol Chazelle agus é ag streachailt mar scannánóir, thóg sé inspioráid ó na dúshláin a bhí roimhe ina shaol.[7]

Bhí an scannán ar an lagtrá agus Chazelle ag snámh in aghaidh easa chun tacaíocht a fháil. Ní raibh aon stiúideo toilteanach maoiniú a thabhairt do cheoldráma nua-aoiseach snagcheoil gan amhrán aitheanta go dtí gur ghlac Focal Features leis an tionscadal le buiséad íseal timpeall $1 milliúin. Ach mar gheall ar a mianta chun an phearsa lárnach a athrú agus an conclúid a athrú go hiomlán, thréig sé an tionscadal, mar ní raibh na leasaithe inglachta dó.[8][9]

Seb's, club jazz

Ach níor chaill sé misneach riamh agus scríobh Chazelle ‘Whiplash’. Ní raibh an togra seo chomh baolach agus bhí sé i bhfad níos fusa é a dhíol do na stiudeó. D’eirigh go maith le Whiplash agus bhuaigh sé mórán gradaim ina measc an ‘Pictiúr is Fearr’ i gGradaim an Acadaimh. Mar gheall ar phróifil agus rath an scannáin d’éirigh  le Chazelle tacaíocht a fháil ó Summit Entertainment agus Black Label Media le Marc Platt mar léiritheoir chun La La Land a chur ar an bhfód.

Buiséad agus gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Shaothraigh La La Land $151 milliún sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada agus $295 milliún i dtíortha eile, $446 milliún san iomlán, agus buiséad táirgthe de $30 milliún.[10] Mhol na criticeoirí go hard na spéire an cheimic dhosheanta idir Ryan Gosling agus Emma Stone, an scór ceoil, an stiúrthóir agus script an scannáin.[11][9]

Bhuaigh an scannán gach catagóir a ainmniú fá chóinne an 74th Golden Globe Awards, Chun an churiarracht a shárú, seacht buanna.[12] Fuair an scannán aon ainmniúchán déag ag an 70th British Academy Film Awards, bhuaigh sé cúig cinn.[13] Fuair sé ceithre ainmniúchán déag ag an 89th Academy Awards, ina measc, an pictiúr is fearr. Ag an deireadh bhuaigh an scannán sé cinn: An Stiúrthóir is Fearr, An Ban-Aisteoir is Fearr (Emma Stone), An Cineamatagrafaíocht is Fearr, An Scór is fearr, An t-Amhrán is fearr do 'City of Stars' agus An Dearadh Léiriúcháin is fearr.[14]

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

I rith cheiliúradh Gradaim an Acadaimh 2017, rinneadh botún ollmhór an oíche sin; d'fhógair an láitheoir Faye Dunnaway an scannán mícheart don duais "Best Picture". Léigh sí amach La La Land ach ba ea é Moonlight, le Barry Jenkins a bhuaigh an gradam "an pictiúr is fearr".

Fógraíodh an scannán ceart dhá nóiméad níos déanaí (agus tharla trí hóráidí le linn an ama sin ǃ).[15][16]

Na hAmhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Amhrán Amhránaí/ Seinnteoir
Another Day Of Sun Cléire La La Land
Someone In The Crowd Emma Stone & Callie Hernandez & Sonoya Mizuno & Jessica Rothe
Mia & Sebastian’s Theme Justin Hurwitz
A Lovely Night Ryan Gosling & Emma Stone
Herman’s Habit Justin Hurwitz
City Of Stars Ryan Gosling
Planetarium Justin Hurwitz
Summer Montage / Madeline Justin Hurwitz
City Of Stars Ryan Gosling & Emma Stone
Start A Fire John Legend
Engagement Party Justin Hurwitz
Audition (The Fools Who Dream) Emma Stone
Epilogue Justin Hurwitz
The End Justin Hurwitz
City Of Stars Emma Stone, Justin Hurwitz

Bhí na hamhráin agus an scór tréchumtha le Justin Hurwitz, cara Chazelle ón Ollscoil Harvard. D'oibrigh sé ar dhá scannán eile Chazelle. Bhí na liricí scríofa le Pasek agus Paul[10]seachas 'Start A Fire', scríofa ag John Legend, Hurwitz, Marius De Vries agus Angelique Cinelu.[17][9]

John Legend (Keith)

Aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

La La Land os comhair an Chinese Theater

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mac Gearailt,B (2017) Tá i bhfad níos mó ná ceol agus steipeadaíl i La La Land. https://tuairisc.ie/ta-i-bhfad-nios-mo-na-ceol-agus-steipeadail-in-la-la-land/[Ar líne] Faighte: 09 Márta 2018
  2. Anderson, Ariston ( 31 Lúnasa, 2016). "'La La Land': Emma Stone, Director Damien Chazelle Talk Bringing Back Hope in Films". The Hollywood Reporter. [Ar líne] Faighte 20 Feabhra, 2018. (As Béarla)
  3. Smith, Nigel M (8 Meán Fómhair 2016). "Damien Chazelle on La La Land: 'Los Angeles is full of people chasing dreams'". [Ar líne] The Guardian. Faighte 13 Márta 2018. (As Béarla)
  4. Ford, Rebecca (3 Samhain, 2016). "How 'La La Land' Went From First-Screening Stumbles to Hollywood Ending". The Hollywood Reporter.[Ar líne] Faighte Márta 3, 2018.(As Béarla)
  5. Murphy, Mekado (4 Samhain 2016). "L.A. Transcendental: How 'La La Land' Chases the Sublime". The New York Times. Faighte 20 Feabhra, 2018. (As Béarla)
  6. Phillips, Michael (12 Meán Fómhair, 2016). "Ryan Gosling sings, dances, reads in margins of Gene Kelly's annotated script". Chicago Tribune.[ Ar líne] Faighte Márta 3, 2018. (As Béarla)
  7. McGovern, Joe (Lúnasa 30, 2016). "La La Land director on the 'timeless glamour' of Ryan Gosling & Emma Stone". Entertainment Weekly. Faighte 20 Feabhra, 2018. (As Béarla)
  8. Ford, Rebecca (3 Samhain 2016). "How 'La La Land' Went From First-Screening Stumbles to Hollywood Ending". [Ar líne] The Hollywood Reporter. Faighte 3 Márta 2018. (As Béarla)
  9. 9.0 9.1 9.2 IMDb. (2018). La La Land (2016). http://www.imdb.com/title/tt3783958/?ref_=nv_sr_1 . Faighte 02 Márta, 2018. (As Béarla)
  10. Gleiberman, Owen (31 Lúnasa, 2016) "Film Review: 'La La Land'". Faighte 09 Márta 2018. (As Béarla)
  11. Ciras, Heather (31 Lúnasa, 2016) "Emma Stone and Ryan Gosling's 'La La Land' gets rave reviews in Venice". Boston Globe. Faighte 09 Márta 2018. (As Béarla)
  12. Golden Globes 2017: The Complete List of Nominations". The Hollywood Reporter. [Ar líne] 12 Nollaig 2016. Faighte 10 Márta 2018. (As Béarla)
  13. Ritman, Alex (9 Eanáir 2016). "BAFTA Awards: 'La La Land' Leads Nominations". [Ar líne] The Hollywood Reporter. Faighte 10 Márta 2018. (As Béarla)
  14. "The 89th Academy Awards (2017) Nominees and Winners". [Ar líne] Academy of Motion Picture Arts and Sciences (AMPAS). Faighte 10 Márta 2018. (As Béarla)
  15. Oscar.go.com. (2018). [A líne] http://oscar.go.com/news/winners/oscar-winners-2017-see-the-complete-list.
  16. Rothman, Michael (26 Feabhra, 2017). "'Moonlight' wins best picture after 'La La Land' mistakenly announced". [Ar líne] ABC News. Faighte 10 Márta 2018. (As Béarla)
  17. La La Land' Soundtrack Details". Film Music Reporter. 17 Samhain 2016. Faighte ar an 5ú Márta 2018 (Béarla)