Léimrás (rás capall)
Cuma
(Athsheolta ó Léimrás)

Cianás capall is ea léimrás a ritear ar chúrsa ar tógadh bacainní air mar shampla fálta, díoga agus léimeanna uisce a gcaithfidh na capaill léim tharstu.[2] Bíonn ar chapaill agus mharcaigh léim thar chliatha agus baic eile.
Is minic spuaiceanna eaglaisí nó séipéal ina bpointí tagartha sna rásaí céanna agus as sin a thagann an focal Béarla ar a leithéid de rás, steeplechase. Thosaigh léimrásaí in Éirinn san 18ú haois agus chuir na Sasanaigh léimrásaí ar siúl ina dtír féin go luath sa 19ú haois.
Bíonn léimrásaí ann anois freisin san Astráil, i gCeanada, sa Fhrainc agus sna Stáit Aontaithe, gan an oiread sin béime go minic ar léim na gcliath.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Tony McCoy" (as en) (2025-09-15). Wikipedia.
- ↑ ""léimrás"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2025-10-20.
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |