Léaráid féileacáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Léaráid a mhapálann ionaid na ngrianspotaí ar an nGrian mar fheidhm dáta, áisiúil chun an Ghrian a leanúint ina timthriall 11 bhliain gníomhaíochta. Uaireanta tugtar léaráid Maunder uirthi, as an réalteolaí Briotanach E. W. Maunder (1851-1928) ón Réadlann Ríoga i nGreenwich a chuir tús le breathnuithe cuimsitheacha rialta ar an nGrian i 1873 agus a d'fhoilsigh an chéad leagan de na léaráidí i 1904.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Léaráid féileacáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 400.