Lámhach sa ghlúin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
an ghlúin

Ionsaí pionóis is ea lámhach sa ghlúin a shamhlaítear go háirithe le saol Thuaisceart Éireann le linn na dTrioblóidí.[1]

Bhí nós ag an IRA, an UDA agus an UVF ógánaigh a lámhach sna pláitíní glúine agus cithréim lena saol a fhágáil orthu. Rinne "Búistéirí na Seanchille" agus eile nach iad mar an amhlaidh. Pionós ainrianta a bhí ann a ghearrtaí ar dhaoine óga faoi iompar frithshóisialta nó faoi bhearta eile nár thaitin leis na paraimíleataigh.[2]

Bhí na gortaithe glún chomh coitianta sin gur thuill speisialtóir in Ospidéal an Royal Victoria, Béal Feirste, cáil dhomhanda as teicníc mháinliachta a chumadh chun déileáil leo. Léirigh scrúdú a rinne an suíomh The Detail in 2015[3] go ndearna paraimíleataigh os cionn 6,000 ionsaí pionóis idir 1973 agus 2014 – agus go raibh dílseoirí freagrach as beagán níos mó díobh ná poblachtánaithe. Tá cúpla céad eile curtha leis an liosta ó shin.

Rinneadh ionsaí "six-pack" ar na híospartaigh uaireanta, is é sin, lámhach sna glúine, sna huillinneacha agus sna rúitíní.

Lámhach sa ghlúin in Iosrael agus sa Phalaistín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an nós ag an IDF (The Israel Defence Forces) ógánaigh a lámhach sna pláitíní glúine agus cithréim lena saol a fhágáil orthu.[4][5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Póilín Ní Chiaráin (20 Aibreán 2016). "Barbarthacht ar an tsráid i mBéal Feirste – mura bhfuiltear sásta cur suas leis caithfear labhairt amach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-01-23.
  2. Nuacht RTÉ (2024-01-23). "'Mór an náire airgead poiblí a bheith caite ar Kneecap'" (as ga-IE). 
  3. Kathryn Torney, 22 March 2015. "Above The Law: paramilitary 'punishment' attacks in Northern Ireland". The Detail. Dáta rochtana: 2024-01-24.
  4. "Is the IDF Conducting a Kneecapping Campaign in the West Bank?" (en). Haaretz. Dáta rochtana: 2024-01-24.
  5. "'42 Knees in One Day': Israeli Snipers Open Up About Shooting Gaza Protesters" (en). Haaretz. Dáta rochtana: 2024-01-24.