Lámhach Santa Fe, 2018

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLámhach Santa Fe, 2018
Map
 29°23′30″N 95°08′31″W / 29.3917°N 95.1419°W / 29.3917; -95.1419
Cineáloll-lámhach
lámhach scoile
dúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana18 Bealtaine 2018 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhSanta Fe High School, Texas (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Santa Fe, Texas Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Spriocdalta ardscoile Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna10 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe14 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireDimitrios Pagourtzis (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
ArmRemington Model 870 (en) Aistrigh
gunnán
Molotov cocktail (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide

Maraíodh 8 mac léinn agus beirt eile ar 18 Bealtaine 2018 nuair a thosaigh mac léinn, Dimitrios Pagourtzis (17 bliain d'aois ag an am) ag lámhachadh a chuid comhghleacaithe ranga i Santa Fe High School, Houston, Texas.[1]

Thug na póilíní ráiteas do na meáin

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí gránghunna agus piostal ag Pagourtzis. Ní raibh an fhoghlaim ach díreach tosaithe maidin an 18 Bealtaine, ag 7.32am, nuair a thosaigh an sléacht. Mhair an t-ionsaí 25 nóiméad. Bhí Pagourtzis ag rá "Another One Bites the Dust"[2] de chuid Queen le linn an ionsaí.

"Lá brónach a bhí ann", a dúirt Donald Trump

Nuair a tháinig póilíní armáilte ar an láthair, thosaigh an fear gunna ag scaoileadh agus níor thaise leis na póilíní é. Goratíodh Pagourtzis faoi dheireadh agus thug sé é féin ar láimh do na póilíní. Fuarthas feistí pléascacha ar an láthair níos déanaí

Bhí Pagourtzis neamh-infheidhme de réir an dlí agus 'ordaíodh sé go gcuirfí isteach in ospidéal meabhairghalair é.

Freagairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an nuacht i bhfeidhm go mór ar an bpobal sna Stáit Aontaithe agus thar lear, "Lá brónach a bhí ann", a dúirt Donald Trump.

I ndiaidh na tragóíde, rinne an Gobharnóír Greg Abbott[3] 40 moladh a cheap sé a laghdódh an seans ar ollmharuithe i scoileanna an stáit. Acht níor bhain aon cheann acu lena thuilleadh srianta a chur ar úinéireacht ná ar an bhfáil ar ghunnaí.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Nuacht RTE (2022-05-25). "Stair fhada sléachtanna i scoileanna Mheiriceá." (as ga). 
  2. "Another One Bites the Dust" (as en) (2022-05-31). Wikipedia. 
  3. "Greg Abbott" (as en) (2022-06-10). Wikipedia. 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]