Láidreacht alcóil
Cuma
Tugtar láidreacht alcóil ar thomhas ar an méid alcóil atá i ndeoch alcólach. Is é an tomhas is coitianta anois céatadán an toirt eatánóil. Mar shampla, bíonn 12% eatánóil i bhfíon dearg de ghnáth, arb ionann é is 90 ml i ngnáthbhuidéal. Is é an profa an tomhas a bhíodh in úsáid, tomhas an eatánóil i dtaca leis an tomhas chéanna ar bhiotáille profa caighdeánach. Sa bhiotáille profa bíonn 57.07% eatánóil, agus mar sin, is ionann profa 70°, mar a bheadh in uisce beatha, is neart 0.70 × 57.07 = 40%.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Láidreacht alcóil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 392.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |