Lá 112, Uimhir Éigeandála na hEorpa
Cineál | lá feasachta | ||
---|---|---|---|
Lá | 11 Feabhra | ||
Príomhábhar | 112 | ||
Bíonn Lá Eorpa 112 ar an 11 Feabhra ar fud na hEorpa go bliantúil. Chuir an Aontas Eorpach ar bun é le feasacht a spreagadh agus úsáid oiriúnach a dhéanamh den uimhir éigeandála 112 na hEorpa.
Lá 112, Uimhir Éigeandála na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirtear an uimhir ar bun sa bhliain 1991 chun glaoch éigeandála coitianta a chur ar fáil i ngach ballstát san Aontas Eorpach.[1] Tá uimhir teileafón náisiúnta sa bhreis i gcuid de thíortha-AE. Ón bhliain 2008, is féidir na seirbhísí freagartha glaonna éigeadála a rochtain ó gach líonra seasta nó soghluaiste taobh istigh den AE saor in aisce leis an uimhir teileafón coitianta 112. De bharr poblaíocht méadaithe ar 112 mar uimhir éigeandála na hEorpa, is siombail coitianta é, ní amháin de chabhair agus tacaíocht, ach leis an Aontas Eorpach trí chéile.
Bunús
[cuir in eagar | athraigh foinse]Shínigh Parlaimint na hEorpa, Comhairle na hEorpa agus Coimisiúin na hEorpa rún trí pháirtí sa bhliain 2009 chun Lá 112 bliantúil na hEorpa a bhunú. Meastar go méadófar eolas ar rochtain agus ar na buntáistí a bhaineann le glaoch éigeandála 112 na hEorpa. Roghnaítear 11 Feabhra toisc go bhfuil an dáta san áireamh ar an uimhir teileafón (11.2.)[2] Rinneadh plé ar an smaoineamh chun aon lá amháin a chur ar leataobh don ghlaoch éigeandála Eorpach i bPairlimint na hEorpa sa bhliain 2007 i gcomhthéacs na h-úllmhúcháin don Dearbhú Pharlaimint na hEorpa ar an uimhir eigeandála 112.[3] Dheimhnigh go raibh géarghá le méadú ar leibhéal an fheachtas ar uimhir éigeandála na hEorpa ag an Flash Eurobarometer 228 ó Feabhra 2008. Ní raibh ach 14% de phoblacht na hÉireann ar an eolas ar an bhfíric seo.[4] Cuirtear leis an tuairim seo sa bhliain 2009 (meán-AE 24%, Éire 16%) [5] agus sa bhliain 2010 (meán-AE 25%, Éire 18%).[6]
Comóradh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cuirtear a lán gníomhaíochtaí ar siúl ar fud na hEorpa chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá 112 na hEorpa. Tá cuid acu eagraithe ag polaiteoirí agus oifigigh rialtais, cuid eile ag seirbhísí slándála, comhraiceirí tine agus eagraíochtaí neamhbhrabúis. Sa bhliain 2020, roinn an Séirbhís Náistiúnta Otharcharr físeáin iomadúla de na daoine a thógann glaochanna, paraimhíochaineoirí agus daoine eile le feachtas a mhéadú don uimhir éigeandála na hEorpa.[7] D’eagraítear gníomhaíochtaí den chineál céanna ar fud na hEorpa, mar shampla, ghleas an Manneken-Pis sa Bhruiséil i bhfeisteas 112 nó san Eastóin, áit a spreagadh daltaí réamhscoile agus teaghlaigh, 112 a scríobh sa sneachta.[8]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Council Decision of 29 July 1991 on the introduction of a single European emergency call number, Released by the Council of the European Communities, July 29, 1991.
- ↑ Joint Tripartite Declaration Establishing A "European 112 Day" Curtha i gcartlann 2023-01-17 ar an Wayback Machine, Press release by the Council of Europe, February 10, 2009.
- ↑ Declaration of the European Parliament on the European emergency call number 112, Press release by the European Parliament, September 25, 2007.
- ↑ Flash Eurobarometer Nr. 228, The European Emergency Number 112, Summary, February 11, 2008, p. 12.
- ↑ Flash Eurobarometer Nr. 262, The European Emergency Number 112, Summary, February 11, 2009, p. 11.
- ↑ Flash Eurobarometer Nr. 285, The European Emergency Number 112, Analytical Report, February 11, 2010, p. 29.
- ↑ Emergency Service Workers about their Work.
- ↑ Manneken Pis calls 112 :).