Kurt Gerstein

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKurt Gerstein

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith11 Lúnasa 1905
Münster Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Iúil 1945
39 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Crochadh)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Theicniúil Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheMünster
Saarbrücken
Halbestadt (en) Aistrigh
Neuruppin
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir, innealtóir, gadaí ealaíne Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1941 –
FostóirSS Leadership Main Office (en) Aistrigh
Concentration Camps Inspectorate (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí na Naitsithe (1933–1933) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Gairm mhíleata
GéillsineGearmáin na Naitsithe
Brainse míleataSS
Céim mhíleataObersturmführer (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda
Ghlac sé/sí páirt i
1933Nazi plunder (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach

Oifigeach de chuid an SS a bhí in Kurt Gerstein (rugadh i Münster é ar an 11 Lúnasa 1905, agus chuir sé lámh ina bhás féin i bPáras ar an 25 Iúil 1945) a bhí ina fhinné súl don Uileloscadh. Bhí sé ina oifigeach sláinteachais ag an SS, agus nuair a thosaigh na Naitsithe ag marú Giúdaigh ar scála tionsclaíoch, bhí Gerstein i láthair nuair a baineadh triail as an aonocsaíd charbóin i sceithgháis an innill dóiteáin inmheánaigh sna campaí báis i mBełżec agus i dTreblinka. I ndiaidh dó an t-uafás seo a fheiceáil, thosaigh sé ag iarraidh eolas a scaipeadh faoina raibh ar siúl sna campaí báis, le súil is go bhfaigheadh na Comhghuaillithe amach faoi.

Tá Gerstein ina chúis conspóide i measc lucht na staire i gcónaí. Cuid acu tá siad barúlach go raibh sé ina Chríostaí ionraic a d'insíothlaigh an SS as a stuaim féin le heolas a bhailiú faoi ainghníomhartha na Naitsithe. An chuid eile cuireann siad béim air gur innealtóir sláinteachais a bhí ann a rinne aireagáin a chuidigh leis na Naitsithe an tUileloscadh a chur i ngníomh. Is dóigh le cuid acu, fiú, nach raibh Gerstein ach ag iarraidh é féin a tharrtháil nuair a bhí an cogadh thart, agus nach ndearna sé a dhath le cabhrú leis na Giúdaigh le linn an chogaidh féin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]