Jump to content

Kevin Roberts (straitéisí polaitíochta)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKevin Roberts

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
BreithLafayette, Louisiana Cuir in eagar ar Wikidata
Comhalta boird The Heritage Foundation (en) Aistrigh
2023 –
17 Uachtarán The Heritage Foundation (en) Aistrigh
Nollaig 2021 –
Príomhoifigeach feidhmiúcháin Texas Public Policy Foundation (en) Aistrigh
Aibreán 2021 – Nollaig 2021
Stiúrthóir feidhmiúcháin Texas Public Policy Foundation (en) Aistrigh
Bealtaine 2018 – Aibreán 2021
Leasuachtarán feidhmiúcháin Texas Public Policy Foundation (en) Aistrigh
Bealtaine 2016 – Bealtaine 2018
Uachtarán ollscoile Coláiste Caitliceach Wyoming
25 Lúnasa 2013 – 28 Lúnasa 2016 – Glenn C. Arbery (en) Aistrigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Louisiana, Lafayette - staidéar ar stair
Virginia Tech (en) Aistrigh - staidéar ar stair
Ollscoil Texas, Austin - stair na Stát Aontaithe (–2003) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmriarthóir acadúla (2006–2016), múinteoir ollscoile (2003–2006), staraí, nonprofit administrator (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste Caitliceach Wyoming (2013–)
John Paul The Great Academy (en) Aistrigh (2006–)
The Heritage Foundation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtach Cuir in eagar ar Wikidata

Kevin D. Roberts (rugadh 24 Meitheamh, 1974) ina uachtarán ar The Heritage Foundation, meitheal mhachnaimh pholaitiúil choimeádach, agus a ghéag stocaireachta, Heritage Action (Gníomhaíocht Oidhreachta). Sular ghlac sé lena ról reatha, bhí sé ina phríomhfheidhmeannach ar mheitheal mhachnaimh choimeádach eile, an Texas Public Policy Foundation . [1] D'fhóin Roberts mar uachtarán Choláiste Caitliceach Wyoming ó 2013 go 2016. [2] [3]

Go luath i ndiaidh do Roberts ballraíocht a ghlacadh san Heritage Foundation, i mí na Nollag 2021, bhunaigh an eagraíocht Project 2025, plean fairsing chun rialtas feidearálach na Stát Aontaithe a athmhúnlú agus cumhacht feidhmiúcháin a chomhdhlúthú dá mbuafadh iarrthóir an Pháirtí Phoblachtánaigh toghchán uachtaránachta 2024 . [4]

Luathshaol agus oideachas

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Roberts sa bhliain 1974 i Lafayette, Louisiana do James A. Roberts, Sr. agus Susan P. Rabalais. [5] Bhain sé céim amach ó Ardscoil Lafayette i 1992, ghnóthaigh sé céim bhaitsiléara sa stair magna cum laude ó Ollscoil Louisiana ag Lafayette i 1996, ghnóthaigh sé Máistir Ealaíon sa stair ó Virginia Tech i 1999, agus ghnóthaigh Ph.D. i stair Mheiriceá ó Ollscoil Texas ag Austin i 2003. [1] [5]

Wyoming Catholic College

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhóin Roberts mar uachtarán ar Wyoming Catholic College (Coláiste Caitliceach Wyoming) ó 2013 go 2016 nuair a ghlac sé lena phost mar leas-uachtarán feidhmiúcháin ar Texas Public Policy Foundation.

Le linn a thréimhse mar uachtarán ar Choláiste Caitliceach Wyoming, thug Roberts ar an institiúid diúltú iomlán do Title IV, (.i. An clár cabhrach airgeadais feidearálach i gcomhair daltaí) ag lua imní faoi shaoirse reiligiúnach . [6] Mar gheall ar an gcinneadh bhí an coláiste ar cheann de bheagán coláistí sa náisiún a diúltódh maoiniú dá leithéid. In alt ar an gcinneadh, chuir an New York Times síos ar Roberts agus a chuid mac léinn mar "cowboy Catholics" as a neamhspleáchas. [7]

The Heritage Foundation

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Dheireadh Fómhair 2021, fógraíodh gur roghnaíodh Roberts le teacht in ionad Kay Coles James mar uachtarán ar The Heritage Foundation (An Fhondúireacht Oidhreachta). [8] [9]

I mí Mheán Fómhair 2023, roghnaíodh Roberts mar uachtarán ar Heritage Action, géag stocaireachta an Fhondúireacht Oidhreachta, tar éis don stiúrthóir feidhmiúcháin, Jessica Anderson, cead neamhláithreachta a ghlacadh i mí Iúil 2023. [10] [11] Anois tá Roberts "ag freastal ar an dá eagraíocht i ról comhpháirteach."[12]

I mí Eanáir 2024, dúirt Roberts nár chreid sé gur bhuaigh Joe Biden toghchán uachtaránachta 2020 . Dúirt sé freisin go bhfaca sé ról Heritage mar " institutionalizing Trumpism," ag cur leis "The Trump administration, with the best of intentions, simply got a slow start. And Heritage and our allies in Project 2025 believe that must never be repeated." [13]

Nuair a fiafraíodh de le linn agallaimh i mí an Mheithimh 2024 an nglacfadh an Fhondúireacht le torthaí toghchán uachtaránachta 2024 beag beann ar a thoradh, d’fhreagair Roberts, "yes, if there isn't massive fraud like there was in 2020." In ainneoin go raibh gluaiseacht séanta toghcháin ann i gcónaí, níor aimsíodh aon fhianaise ar chalaois toghcháin ábhartha in 2020.. Nuair a cuireadh sonraí ón mbunachar sonraí calaoise toghcháin na Fondúireachta i láthair Roberts, a thug le fios nach raibh ach 1,513 cás cruthaithe de chalaois vótálaithe sna Stáit Aontaithe ó 1982, d'fhreagair Roberts go bhfuil calaois "very hard to document, and the Democrat party is very good at fraud." [14] [15] Dhearbhaigh Roberts freisin go bhfuil na Liobrálaithe ag ". supporting legislation that abortion can happen until three days after the person's born." [16] [17]

Ag láithriú ar phodchraoladh Steve Bannon 's War Room i mí Iúil 2024 le cur faoi agallamh ag an iar-fheisire Dave Brat, dúirt Roberts; "Let me speak about the radical left. You and I have both been parts of faculties and faculty senates, and understand that the left has taken over our institutions [...] In spite of all this nonsense from the left, we are going to win. We’re in the process of taking this country back [...] our side is winning.”. [18] [19] "We ought to be really encouraged by what happened yesterday", a dúirt Roberts, ag tagairt don cinneadh ón Chúirt Uachtarach, i gcás an iar-Uachtarán Donald Trump go bhfuil díolúine shuntasach ó ionchúiseamh ag uachtaráin in aghaidh a bheith á n-ionchúiseamh mar gheall ar ghníomhartha in oifig. [19] [20] [20] Lean Roberts ar aghaidh; "We are in the process of the second American Revolution, which will remain bloodless if the left allows it to be". Go gairid ina dhiaidh sin, d’eisigh an Foundation ráiteas a chuir leis, “Unfortunately, they have a well established record of instigating the opposite. [21]

Laethanta tar éis do Trump ráiteas a scaoileadh ag iarraidh é féin a scaradh ó Project 2025, dúirt Roberts, "So no hard feelings from any of us at Project 2025 about the statement because we understand Trump is the standard bearer and he's making a political tactical decision there."

D'údaraigh Roberts leabhar a bhí sceidealaithe lena eisiúint ar an 24 Meán Fómhair, 2024 dar teideal Dawn's Early Light: Burning Down Washington to Save America agus níos déanaí dar teideal Dawn's Early Light: Taking Back Washington to Save America . [22] [23] Tá réamhrá ón iarrthóir Leas-Uachtaránachta JD Vance san imleabhar. [23] [24]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is Caitliceach é Roberts. [25]

  1. 1.0 1.1 Texas Public Policy Foundation announces Kevin Roberts as new Executive Vice President”. Texas Public Policy Foundation (April 4, 2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar April 24, 2024. Dáta rochtana: April 24, 2024. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; name "TPPF" defined multiple times with different content
  2. Samuels (October 14, 2021). “Heritage Foundation names new president”. The Hill. Dáta rochtana: October 14, 2021.
  3. Wermund (October 14, 2021). “Texan Kevin Roberts, 'a D.C. outsider,' picked to lead conservative Heritage Foundation”. Houston Chronicle. Dáta rochtana: October 18, 2021.
  4. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar June 27, 2024.
  5. 5.0 5.1 Roberts (2003). “Slaves and slavery in Louisiana: The evolution of Atlantic world identities, 1791–1831”. Dáta rochtana: 3 July 2024.
  6. Catholic College Won't Compromise Beliefs, Rejects Federal Financial Aid”. FOX News Insider (2015-03-29). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-03-30. Dáta rochtana: 2017-04-03.
  7. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times.
  8. Heritage Names 'D.C. Outsider' Roberts as New President | RealClearPolitics”. www.realclearpolitics.com. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  9. Samuels (2021-10-14). “Heritage Foundation names new president” (en). TheHill. Dáta rochtana: 2021-10-18.
  10. Kevin D. Roberts, PhD” (en). The Heritage Foundation. Dáta rochtana: 2024-05-22.
  11. Heritage Action Executive Director Announces Leave of Absence for…” (en). Heritage Action. Dáta rochtana: 2024-05-22.
  12. Kevin D. Roberts, PhD” (en). The Heritage Foundation. Dáta rochtana: 2024-05-22.
  13. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times.
  14. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  15. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  16. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  17. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."".
  18. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The Washington Post. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 3, 2024.
  19. 19.0 19.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". The New York Times. Cartlannaíodh an bunleathanach ar July 3, 2024.
  20. 20.0 20.1 Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". USA Today.
  21. The Second American Revolution will remain bloodless if the Left allows it to be. Unfortunately, they have a well established record of instigating the opposite.”. Twitter (July 3, 2024).
  22. Dawn's Early Light: Taking Back Washington to Save America”. amazon.com. Dáta rochtana: 24 July 2024.
  23. 23.0 23.1 Dawn's Early Light: Burning Down Washington to Save America”. harpercollins.com. Dáta rochtana: 24 July 2024.
  24. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."" (en-GB). The Guardian.
  25. Catholic leader champions Heritage Foundation's right-wing brand” (en). National Catholic Reporter. Dáta rochtana: 2024-07-26.