Kate Mulgrew

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaKate Mulgrew

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Katherine Kiernan Maria Mulgrew
29 Aibreán 1955
68 bliana d'aois
Dubuque, Iowa Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Tisch de chuid Ollscoil Nua-Eabhrac
Ardscoil Chaitliceach Wahlert
Stiúideo Aisteoireachta Stella Adler Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmaisteoir teilifíse, aisteoir stáitse, aisteoir scannáin, aisteoir gutha Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1975 –
TeangachaBéarla
Teaghlach
CéileRobert H. Egan (1982–1995)
Tim Hagan (1999–2014) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáintotallykate.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0000550 Allocine: 127487 Rottentomatoes: celebrity/kate_mulgrew Allmovie: p51214 TCM: 137065 Metacritic: person/kate-mulgrew TV.com: people/kate-mulgrew IBDB: 77789 AFI: 252044
Facebook: thekatemulgrew Twitter: thekatemulgrew Instagram: thekatemulgrew Musicbrainz: dcbb6dc8-9335-4041-8f33-149894580259 Discogs: 940153 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ban-aisteoir Meiriceánach í Kate Mulgrew (rugadh 29 Aibreán 1955), a bhfuil cáil bainte amach aici as páirt an Chaptaein Kathryn Janeway ar Star Trek: Voyager as páirt Galina 'Red' Reznikov ar chlár Netflix "Orange is the New Black", agusas páirt Mary Ryan ar Ryan's Hope. Rugadh in Dubuque, Iowa í, agus í an dara páiste ba shine sa teaghlach.

Agus í 17 d'aois, d'fhág Mulgrew an baile le staidéar a dhéanamh ar an aisteoireacht i gCathair Nua-Eabhrac. Agus í ag freastail ar Ollscoil Nua-Eabhrac, ligeadh isteach í i Stella Adler's Conservatory. Ag deireadh a bliana sóisearaí, d'fhág sí an ollscoil chun í féin a cheangal go lánaimseartha lena ceird.

Tá páirteanna déanta ag Mulgrew i 23 dhráma, 9 scannán, 30 clár teilifíse, 6 chlosleabhar agus clár faisnéise amháin. Bhí carachtar Mary Ryan, an t-iníon ba shine ar an sobalchlár Ryan's Hope, i measc na páirteanna is luaithe a bhí aici. Bhí an-mheas ag na móidíní uirthi, agus samhlaíodh í leis an gclár i bhfad tar éis a chealaithe. Is cara léi fós a comhaisteoir Ilene Kristen, agus bhronn sí Gradam Soap Opera Digest ar dhearthóir Ryan's Hope, Claire Labine, i 1995.

2012

I measc a cuid páirteanna teilifíse eile, bhí Hillary Wheaton, láithreoir Ceanadach a bhí ag troid in éadan na halcólachta ar eipeasóid de Murphy Brown. Rinne sí páirt Janet Eldridge ar Cheers, freisin. Tá cuimhne uirthi as an bpríomhpháirt a dhéanamh ar an tsraith Mrs. Columbo.

Rinne sí páirt an Chaptaein Kathryn Janeway ar an tsraith ficsin eolaíochta Star Trek: Voyager ó 1995 go dtí 2001, agus is í sin an pháirt a tharraing an chuid is mó dá cháil uirthi go dtí seo.

2012

Cuireann sí i láthair an dráma aonréid Tea at Five, monalóg atá bunaithe ar chuimhní cinn Katherine Hepburn, Me: Stories of My Life.

Bhuaigh sí Gradam Saturn le haghaidh an "bhanaisteora ab fhearr" i 1998 agus Gradam an Golden Satellite le haghaidh an "bhanaisteora ab fhearr ar shraithscéal teilifíse" i 1998. Ainmníodh í le haghaidh Gradam an Golden Globe le haghaidh an "bhanaisteora dhramadúil ab fhearr" i 1979.

Bhí fear céile Mulgrew, Tim Hagan, ina ainmnitheach Daonlathach d'oifig Ghabharnóir Ohio i dtoghchán na bliana 2002, ach bhuaigh Robert A. Taft II air.

Rinne sí fógra raidió ar son mhanaigh Thrapacha Mhainistir New Melleray, agus tá fógraí déanta aici ar son chórais MetroHealth Cleveland, Ohio.

Dúirt Mulgrew go bhfuil sí i gcoinne an ghinmhillidh [1] agus phionós an bháis.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]