Julie Breathnach-Banwait

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJulie Breathnach-Banwait
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, file, síceolaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

File Gaeilge as Conamara is ea Julie Breathnach-Banwait agus í ina cónaí lena cúram san Astráil anois. Tógadh le Gaeilge i gCeantar na nOileán i gConamara í. Tá dánta foilsithe aici in Comhar, An Gael, san Irish Scene (WA) agus i Journal of the Australian Irish Heritage Association. In 2020 d’fhoilsigh Coiscéim a cnuasach Dánta Póca, agus cnuasach eile, Ar Thóir Gach Ní, in 2022. Tá suim aici sa phrósfhilíocht chomh maith.

Síceolaí cairte í agus suim aici i dtógálachas sóisialta – conas a mhúnlaítear ár mbuntuairimí trí chomhthuiscint agus conas a théann cultúr agus teanga i bhfeidhm ar na tógáin sin. Bhain sí céim amach san oideachas, céim chéad onóracha sa síceolaíocht agus céim mháistreachta sa síceolaíocht oideachais in Ollscoil na Breataine Bige.

Deir sí go scríobhann sí i nGaeilge toisc gur teanga álainn í a chuireann tocht a croí in iúl, gur cuid dílis dá meon í agus go gceanglaíonn sí dá hóige í: “I write in Irish to balance myself lest I tip over and lose myself into the English-speaking world with which I sometimes struggle to connect”.[1]

Bhí sí ar dhuine de na filí Gaeilge thar lear ar cuireadh agallamh orthu le haghaidh IMRAM 2021, féile litríochta in Éirinn.

Bhunaigh sí Bobtail Books san Astráil agus ábhar dátheangach á fhoilsiú aige.

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dánta Póca, Coiscéim 2020

Ar Thóir Gach Ní, Coiscéim 2022

Cnámha Scoilte - Split Bones: Cnuasach Prós-Fhilíochta - A Collection of Prose Poetry, Bobtail Books 2023

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. ”Why Do You Write in Irish?”: Tinteán, 10 Lúnasa 2021: https://tintean.org.au/2021/08/10/why-do-you-write-in-irish/